Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Feabhra 2024 – Neuraxpharm Pharmaceuticals v an Coimisiún

(Cás T-226/23) 1

(Caingean le haghaidh neamhniú – Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine – Údarú margaíochta le haghaidh an táirge íocshláinte Fúmaráit dé-mheitil Neuraxpharm – Fúmaráit dé-mheitil – Litir ón gCoimisiún ina dtagtar ar chonclúidí ó bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais – Gníomh nach bhfuil faoi réir achomhairc – Do-ghlacthacht – Gníomhartha hipitéiseacha – Do-ghlacthacht fhollasach)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Neuraxpharm Pharmaceuticals SL (Barcelona, an Spáinn) (ionadaithe: K. Roox, T. De Meese, J. Stuyck, M. Van Nieuwenborgh agus C. Dumont, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Valero agus E. Mathieu, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh atá i litir an 17 Márta 2023 ón gCoimisiún Eorpach, ag tagairt do SANTE.DDG1.B.5/AL/mmc (2023) 2915367, maidir le léiriú agus iarmhairtí bhreithiúnas an 16 Márta 2023, an Coimisiún agus páirtithe eile v Pharmaceutical Works Polpharma (C-438/21 P go C-440/21 P, EU:C:2023:213), ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)    Díbhtear an chaingean toisc í a bheith do-ghlactha a mhéid atá sé i gcoinne an chinnidh atá sa litir an 17 Márta 2023 ón gCoimisiún Eorpach, ag tagairt do SANTE.DDG1.B.5/AL/mmc (2023) 2915367, maidir le léiriú agus iarmhairtí bhreithiúnas an 16 Márta 2023, an Coimisiún agus páirtithe eile v Pharmaceutical Works Polpharma (C-438/21 P go C-440/21 P, EU:C:2023:213).

2)    Díbhtear an chaingean toisc í a bheith do-ghlactha a mhéid atá sé i gcoinne aon chinntí a rinneadh tar éis an chinnidh atá sa litir an 17 Márta 2023 ón gCoimisiún Eorpach, ag tagairt do SANTE.DDG1.B.5/AL/mmc (2023) 2915367, maidir le léiriú agus iarmhairtí bhreithiúnas an 16 Márta 2023, an Coimisiún agus páirtithe eile v Pharmaceutical Works Polpharma (C-438/21 P go C-440/21 P, EU:C:2023:213), a mhéid a bhuanaíonn siad agus/nó a thagann siad ina n-ionad, lena n-áirítear aon ghníomhaíochtaí rialála leantacha, a mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir.

3)     Ordaítear do Neuraxpharm Pharmaceuticals SL a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis na himeachtaí eatramhacha, a íoc.

____________

1 IO C 235, 3.7.2023.