Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Feabhra 2024 – Mylan Ireland v an Coimisiún

(Cás T-227/23)1

(Caingean le haghaidh neamhniú – Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine – Údarú margaíochta don táirge íocshláinte Mylan  fúmaráit dé-mheitil –Fúmaráit dé-mheitil  Litir ón gCoimisiún ag teacht ar chonclúidí  óbhreithiúnais na Cúirte – Gníomh nach bhfuil faoi réir achomhairc – Do-ghlacthacht – Gníomhartha hipitéiseacha – Do-ghlacthacht fhollasach)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Mylan Ireland Ltd (Baile Átha Cliath, Éire) (ionadaithe: K. Roox, T. De Meese, J. Stuyck, M. Van Nieuwenborgh agus C. Dumont, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Valero agus E. Mathieu, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an chinnidh atá sa litir ón gCoimisiún Eorpach an 17 Márta 2023, le tagairt SANTE.DDG1.B.5/AL/mmc (2023) 2914698, a bhaineann le léiriú agus le hiarmhairtí bhreithiúnas an 16 Márta, 2023, an Coimisiún agus páirtithe eile v Pharmaceutical Works Polpharma (C 438/21 P go C 440/21 P, AE:C:2023:213) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean toisc í a bheith do-ghlactha sa mhéid is go bhfuil sé dírithe i gcoinne an chinnidh atá sa litir ón gCoimisiún Eorpach an 17 Márta, 2023, le tagairt SANTE.DDG1.B.5/AL/mmc (2023) 2914698, maidir le léiriú agus iarmhairtí bhreithiúnas an 16 Márta, 2023, an Coimisiún agus páirtithe eile v Pharmaceutical Works Polpharma (C-438/21 P go C-440/21 P, AE:C:2023:213).

Diúltaítear don chaingean toisc í a bheith do-ghlactha go follasach sa mhéid is go bhfuil sé dírithe i gcoinne aon chinnidh arna dhéanamh tar éis an chinnidh sa litir ón gCoimisiún Eorpach an 17 Márta, 2023, le tagairt SANTE.DDG1.B.5/AL/mmc (2023) 2914698, maidir le léiriú agus le hiarmhairtí bhreithiúnas an 16 Márta 2023, an Coimisiún agus páirtithe eile v Pharmaceutical Works Polpharma (C-438/21 P go C-440/21 P, EU:C:2023:213), a mhéid a bhuanfar leis agus/nó a chuirfear leis in ionad an chinnidh sin, lena n-áirítear aon bhearta rialála leantacha, a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir.

Ordaítear do Mylan Ireland Ltd a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis na himeachtaí eatramhacha.

____________

1     IO C 223, 26.6.2023.