Language of document :

Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 21 Feabhra 2024 – Grodno Azot agus Khimvolokno Plant v an Chomhairle

(Cás T-117/22) 1

(An comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa Bhealarúis – Reo na gcístí – Liostaí de na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí atá arna gcumhdach ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha – Áireamh agus coinneáil ainm an iarratasóra ar na liostaí – An coincheap ‘tacaíocht don réimeas’ – Gnóthas atá faoi úinéireacht Stáit – Earráid mheasúnaithe)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Grodno Azot AAT (Grodno, an Bhealarúis), Khimvolokno Plant (Grodno) (ionadaithe: N. Tuominen agus L. Engelen, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Boggio-Tomasaz agus A. Antoniadis, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní, ar an gcéad dul síos, Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/2125 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO 2021 L 430 I, lch. 16), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2124 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha gcoinne na Bealarúise (IO 2021 L 430 I, lch. 1), agus, ar an dara dul síos, Cinneadh (CBES) 2023/421 ón gComhairle an 24 Feabhra 2023, lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO 2023 L 61, lch. 41), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/419 ón gComhairle an 24 Feabhra 2023 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO 2023 L 61, lch. 20), a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean;

Ordaítear do Grodno Azot AAT agus Khimvolokno Plant na costais a íoc, lena n-áirítear na costais sin a bhaineann leis na himeachtaí le haghaidh bearta eatramhacha.

____________

1     IO C 222, 7.6.2022.