Language of document :

Achomharc arna thabhairt ag Teva Pharmaceutical Industries Ltd agus Cephalon Inc. an 4 Eanáir 2024 i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra, Comhdhéanamh Méadaithe) a tugadh an 18 Deireadh Fómhair 2023 i gCás T-74/21, Teva Pharmaceutical Industries agus Cephalon v an Coimisiún

(Cás C-2/24 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóirí: Teva Pharmaceutical Industries Ltd, Cephalon Inc. (ionadaithe: S. Ortoli, D. Tayar, avocats)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:

glacadh leis an achomharc seo agus a dhearbhú go bhfuil an chaingean inghlactha;

breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Deireadh Fómhair 2023 a chur ar leathtaobh i gcás T-74/21;

an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le go dtabharfar breithiúnas nua, mura rud é go measann an Chúirt go bhfuil sé sách eolasach chun cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh a chur ar neamhní i gcás AT.39686-CEPHALON1 ;

a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí seo a íoc, lena n-áirítear na costais arna dtabhú ag na hachomharcóirí os comhair na Cúirte seo agus os comhair na Cúirte Ginearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Maíonn na hachomharcóirí dhá shaincheist dlí mar thaca lena n-iarratas:

Tá an breithiúnas curtha ó bhail ag earráid fhollasach dlí toisc go ndearna sé an tástáil a leagadh amach in Generics UK a shaobhadh chun anailís a dhéanamh ar an srian líomhnaithe de réir cuspóra ar an gcomhaontú socraíochta.

Tá an breithiúnas curtha ó bhail ag earráid fhollasach dlí ina chinneadh go raibh an comhaontú socraíochta sriantach ar iomaíocht de réir éifeachta.

____________

1 Cinneadh an 26 Samhain 2020.