Achomharc arna thabhairt an 27 Eanáir 2022 ag an Rómáin i gcoinne Bhreithiúnais na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra) a fógraíodh an 10 Samhain 2021 i gCás T-495/19 an Rómáin v an Coimisiún
(Cás = "n" "Case" IF = "o" "Joined Cases" C-54/22 P)
Teanga an cháis: an Rómáinis
Páirtithe
Iarratasóir: An Rómáin (ionadaí: E. Gane, L. Liţu agus L.-E. Baţagoi , i gcáil Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach, an Ungáir
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
an t-achomharc a cheadú, breithiúnas na Cúirte Ginearálta i gCás T-495/19 a chur ar ceal, a mhéid a bhaineann sé leis an anailís maidir leis an tsaincheist bunaithe ar an sárú ar Airteagal 4(2)(b) de Rialachán Uimh. 211/2011, breithniú a dhéanamh i gCás T-495/19, seasamh leis an iarratas ar neamhniú i leith Chinneadh (AE) 2019/721 ón gCoimisiún;
nó mar mhalairt air sin, an t-achomharc a cheadú, breithiúnas na Cúirte Ginearálta i gCás T-495/19 a chur ar ceal, a mhéid a bhaineann sé leis an anailís maidir leis an tsaincheist bunaithe ar an sárú ar Airteagal 4(2)(b) de Rialachán Uimh. 211/2011, Cás T-495/19 a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta ionas go bhféadfaidh an chúirt sin breith a thabhairt arís, seasamh leis an iarratas ar neamhniú agus Cinneadh (AE) 2019/721 ón gCoimisiún a neamhniú;
a ordú don Choimisiún na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí
Chun tacú leis an achomharc, braitheann an Rómáin ar fhoras amháin, ag líomhain gur sáraíodh Airteagal 4(2)(b) de Rialachán Uimh. 211/2011, i gcomhar le hAirteagal 5(2) CAE.
Maíonn an Rómáin go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí, agus go sáraítear, dá bhrí sin, na forálacha i dtrácht.
(i) Ar an gcéad dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid ina léirmhíniú maidir leis na coinníollacha faoina bhféadfadh an Coimisiún diúltú do thionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a chlárú – go háirithe nuair a chinn sí nach bhféadfadh diúltú den sórt sin a tharlú ach amháin i gcás ina bhféadfadh an Coimisiún togra a thíolacadh do ghníomh reachtach de chuid an Aontais Eorpaigh chun na Conarthaí a chur chun feidhme a eisiamh go hiomlán.
Mar sin féin, áitítear go bhfuil tionscnamh den sórt sin go follasach lasmuigh de chreat chumhachtaí an Choimisiúin chun togra le haghaidh gníomh reachtach a thíolacadh más rud é, tar éis measúnú dlíthiúil in abstracto ar na bearta atá beartaithe, go bhfuil amhras tromchúiseach ann go bhféadfaí bearta den sórt sin a ghlacadh ar bhonn na gConarthaí.
(ii) Ar an dara dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid ina léirmhíniú maidir leis an bhféidearthacht atá ag an gCoimisiún tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh beartaithe a chlárú le hagúis nó go coinníollach.
I gcás den sórt sin, áfach, ceanglaítear ar an gCoimisiún tagairt a dhéanamh don fhaisnéis shainordaitheach agus roghnach go léir arna soláthar ag na heagraithe agus ní féidir leis neamhaird a dhéanamh di, fiú go páirteach.
____________