Ordú na Cúirte Ginearálta an 9 Feabhra 2024 – Remolcadores Nosa Terra agus Hospital Povisa v an Coimisiún
(Cás T-432/14) 1
(Caingean le haghaidh neamhniú – Státchabhair – Cabhair arna deonú ag údaráis na Spáinne i bhfabhar grúpálacha um leas eacnamaíoch (GLE) áirithe agus a n-infheisteoirí – Córas cánach is infheidhme maidir le comhaontuithe léasa airgeadais áirithe chun longa a cheannach (córas léasa cánach na Spáinne) – Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair neamh-chomhoiriúnach i bpáirt leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear a aisghabháil i bpáirt – Dul in éag páirteach ar ábhar na díospóide – Ní gá breith a thabhairt go páirteach – Caingean atá i bpáirt gan aon bhunús dlí go follasach)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Remolcadores Nosa Terra, SA (Vigo, an Spáinn) Hospital Povisa, SA (Vigo) (ionadaí: J. Otero Novas, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Carpi Badía agus P. Němečková, Gníomhairí)
Ábhar
Lena gcaingne de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí Cinneadh 2014/200/AE ón gCoimisiún an 17 Iúil 2013 maidir le Státchabhair SA.21233 C/11 (ex NN/11, ex CP 137/06) arna chur chun feidhme ag an Spáinn – Córas cánach is infheidhme maidir le comhaontuithe léasa airgeadais áirithe, ar a dtugtar ‘Córas Léasa Cánach na Spáinne’ (IO 2014 L 114, lch. 1) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Ní gá a thuilleadh breithniú a dhéanamh ar na hachomhairc a mhéid a dhírítear iad ar Airteagal 1 de Chinneadh 2014/200/AE ón gCoimisiún an 17 Iúil 2013 maidir le Státchabhair SA.21233 C/11 (ex NN/11, ex CP 137/06) arna chur chun feidhme ag an Spáinn – Córas cánach is infheidhme maidir le comhaontuithe léasa airgeadais áirithe, ar a dtugtar freisin ‘Córas Léasa Cánach na Spáinne’, sa mhéid is go n-ainmnítear leis na grúpálacha um leas eacnamaíoch agus a n-infheisteoirí mar thairbhithe aonair na cabhrach dá dtagraítear sa Chinneadh sin, agus Airteagal 4(1) den Chinneadh céanna, a mhéid a cheanglaítear leis ar Ríocht na Spáinne méid iomlán na cabhrach dá dtagraítear sa Chinneadh sin a aisghabháil ó infheisteoirí na ngrúpálacha um leas eacnamaíoch a bhain tairbhe as.
Diúltaítear don chuid eile de na caingne.
Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.
____________
1 IO C 253, 4.8.2014.