Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Limburg (an Ísiltír) a taisceadh an 13 Samhain 2023 – C v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

(Cás C-669/23, Zhang 1 )

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank Limburg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: C

Cosantóir: Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

Na ceisteanna a tharchuirtear

(1)    An bhfuil Airteagail 3, 5, 6, 8 agus 9 den Treoir um Fhilleadh 1 le léiriú sa chaoi nach féidir aon chinneadh um fhilleadh a ghlacadh sa chás go gcuirtear cosc leis na leasanna agus na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 5 den Treoir um Fhilleadh ar an mBallstáit náisiúnach tríú tír a fhilleadh ar an tír is ceann scríbe agus neamhfhéidearthacht don náisiúnach tríú tír an oibleagáid fillte a chomhlíonadh go saorálach nó go neamhspleách trí fhilleadh ar thríú tír eile, agus sa chás sin amháin, nó an gcaithfear cinneadh um fhilleadh a glacadh cheana a tharraingt siar nó a chur ar fionraí?

(2)    An bhfuil reachtaíocht náisiúnta faoina bhfuil teidlíocht i leith bunseirbhísí faoi réir cónaí dleathach i gcomhréir le hAirteagal 5 den Treoir um Fhilleadh, arna léamh i gcomhar le haithrisí 12 agus 24 den Treoir sin agus Airteagail 1 agus 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha, agus, má tá, an bhfuil sé le cur san áireamh gurb ann don reachtaíocht sin agus cinneadh á dhéanamh an féidir cinneadh um fhilleadh a ghlacadh nó a choimeád ar bun i gcás nach féidir an náisiúnach tríú tír a dhíbirt?

____________

1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna príomhimeachtaí.

1 Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais (IO 2008 L 348, lch. 98)