Language of document :

Caingean arna tabhairt an 21 Feabhra 2024 – Stanecki v an Coimisiún

(Cás T-108/24)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Rafal Stanecki (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaithe: A. Champetier agus S. Rodrigues, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an chaingean seo inghlactha agus go bhfuil bunús maith leis;

an cinneadh atá faoi chonspóid agus, i gcás inar gá, an cinneadh lenar diúltaíodh don ghearán, a chur ar neamhní;

a ordú don chosantóir cúiteamh i leith damáistí a fulaingíodh bunaithe ar mhéid mheasta de EUR 50 000 a íoc;

a ordú don chosantóir cúiteamh i leith damáiste a d’fhulaing an t-iarratasóir agus a measadh a bheith níos mó ná EUR 50 000, chomh maith le costais uile na n-imeachtaí, a íoc;

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean i gcoinne chinneadh an údaráis ceapacháin araíonachta thríthaobhaigh an 3 Iúil 2023 lena bhforchuirtear ar an iarratasóir pionós, lena gcuirtear ardú céime ar athló ar feadh tréimhse 12 mhí, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear earráidí follasacha measúnaithe lena gcuirtear roinnt gníomhartha ullmhúcháin ó bhail.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 12 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (‘na Rialacháin’).

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 17a de na Rialacháin, is é sin, ar an gceart chun tuairimí a nochtadh, a aithníodh, thairis sin, le hAirteagal 11(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagail 10 agus 22 de Iarscríbhinn IX a ghabhann leis na Rialacháin, is é sin, ar phrionsabal na comhréireachta.

____________