Language of document :

Caingean arna tabhairt an 29 Feabhra 2024 – Technius v an Coimisiún

(Cás T-134/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Technius LTD (Limassol, an Chipir) (ionadaithe: T. Bosch agus T. Kraul, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

–    a dhearbhú go bhfuil an chaingean inghlactha;

–    cinneadh an Choimisiúin C(2023) 8844 final an 20 Nollaig 2023 lena n-ainmnítear Stripchat mar ardán an-mhór ar líne i gomhréir le hAirteagal 33(4) de Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’) a chur ar neamhní; agus

–    a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí sé shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 33(4) de Rialachán 2022/2065 agus ar phrionsabal an dea-riaracháin:

bhunaigh an cosantóir an cinneadh atá faoi chonspóid ar a mheastacháin féin maidir le líon na bhfaighteoirí gníomhacha do sheirbhís an iarratasóra Stripchat (‘Stripchat’). Is léir go bhfuil na sonraí a d’aisghabh an cosantóir ó fhoinse tríú páirtí neamhréireach agus mícheart. Mar shampla, i stát amháin, tá líon measta na n-úsáideoirí ar Stripchat níos mó ná an daonra iomlán;

dá réir sin, sháraigh an cosantóir a dhualgas cúraim chun imscrúdú a dhéanamh ar fhíricí an cháis ar fad go cúramach agus go neamhchlaonta. Níor dheimhnigh an cosantóir cruinneas agus comhsheasmhacht na sonraí a úsáideadh, níor lean sé leideanna soiléire nach raibh na sonraí a úsáideadh sách iontaofa agus níor úsáid sé foinsí mhalartach a bhí ar fáil go héasca chun sochreidteacht na sonraí a úsáideadh a sheiceáil;

mar thoradh, ghlac an cosantóir go mícheart go bhfuil níos mó ná meán 45 milliún faighteoir gníomhach míosúil ag Stripchat san Aontas.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 296(2) TFEU agus ar an dualgas cúiseanna a lua, sa mhéid nach luaitear sa chinneadh atá faoi chonspóid príomhfhíricí agus breithnithe ar a bhfuil sé bunaithe. Ní dhiúltaítear sa chinneadh atá faoi chonspóid ach le ríomh na bhfaighteoirí gníomhacha déanta ag an iarratasóir agus luaitear líon difriúil faighteoirí gníomhacha, gan foinse na huimhreach sin nó an mhodheolaíocht a úsáideadh a nochtadh.

An triú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 41(2)(a) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus an ceart chun éisteacht a fháil, sa chaoi gur tugadh tréimse ama míréasúnta gearr don iarratasóir chun athbhreithniú, deimhniú, agus freagra a thabhairt ar líon na bhfaighteoirí gníomhacha arna soláthar ag an gcosantóir sna réamhchonclúidí. Ní raibh an iarratasóir, dá bhrí sin, in ann sonraí eile a chur ar fáil, rud a d’fhág nach raibh an ceart chun éisteacht a fháil aici de facto.

An ceithre saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla sa mhéid is nach dtugtar sainmhíniú sách soiléir, beacht agus intuartha in Airteagal 33(1) agus (4) de Rialachán 2022/2065 de “meán míosúil na bhfaighteoirí gníomhacha san Aontas” agus níor ghlac an cosantóir gníomh tarmligthe chun an mhodheolaíocht atá le húsáid ag na soláthraithe seirbhíse a shoiléiriú.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 2 CFAE, ar Airteagal 20 den Chairt agus ar phrionsabal na córa comhionainne os rud é go n-eascraíonn cur i bhfeidhm treallach na tairsí chun ardáin an-mhóra ar líne a ainmniú dá bhforáiltear in Airteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065 as neamhchinnteacht dhlíthiúil maidir le conas ‘meánlíon míosúil na bhfaighteoirí gníomhacha na seirbhíse san Aontas’ a ríomh.

An séú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 16 den Chairt agus de phrionsabal na comhréireachta os rud é go sáraíonn na hoibleagáidí díchill chuí a fhorchuirtear ar ardáin an-mhór ar líne go díréireach cearta bunúsacha an iarratasóra de bharr nach mbaineann na rioscaí agus dochair céanna le Stripchat agus le hardáin an-mhóra ar líne a bhfuil sé beartaithe ag Rialachán 2022/2065 aghaidh a thabhairt orthu.

____________

1     Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO 2022 L 277, lch. 1).