Language of document :

Caingean arna tabhairt an 1 Márta 2024 – Aylo Freesites v an Coimisiún

(Cás T-138/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Aylo Freesites LTD (an Niocóis, an Chipir) (ionadaithe: C. Thomas, A. Bray, A. Ghalamkarizadeh agus J. Beckedorf, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh C(2023) 8842 final ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2023, maidir le Pornhub a ainmniú mar ardán an-mhór ar líne i gcomhréir le hAirteagal 33(4) de Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 (“an cinneadh atá faoi chonspóid”) a chur ar neamhní;

a dhearbhú nach bhfuil Airteagal 39 de Rialachán 2022/2065 infheidhme, sa mhéid go n-éilíonn sé go gcuirfear an stór fógraíochta ar fáil go poiblí; agus

a ordú don Choimisiún costais an iarratasóra a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Coimisiún earráid dlí agus é ag cur Airteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065, lena bhforáiltear cáilitheacht ainmniú mar ardán an-mhór ar líne, i bhfeidhm. Ní chomhlíonann Airteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065, nó cur i bhfeidhm an Choimisiúin den fhoráil sin, prionsabail ghinearálta na deimhneachta dlíthiúla agus na comhréireachta.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear, trí ríomh faighteoirí gníomhacha an iarratasóra in aghaidh na míosa a dhiúltú, go ndearna an Coimisiún earráidí fíorais agus earráidí follasacha measúnaithe, gur theip air a dhualgas chun cúiseanna a lua a chomhlíonadh agus gur sháraigh sé Airteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065 agus prionsabail na comhréireachta agus na deimhneachta dlíthiúla.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear, tríd an iarratasóir a ainmniú de bhun dhá fhigiúr agus mhodheolaíocht áirithe ó thriú páirtí, sháraigh an Coimisiún Airteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065 agus prionsabail na comhréireachta agus na deimhneachta dlíthiúla, chomh maith le ceart an iarratasóra chun éisteacht chóir agus ráiteas cúiseanna a fháil.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil Airteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065 mídhleathach sa mhéid nach mór soláthraithe ardán an-mhór ar líne a stór fógraíochta a chur ar fáil go poiblí. Is cur isteach gan bonn cirt é seo le saoirse an iarratasóra chun gnó a sheoladh agus lena cheart chun maoine, agus déanann sé idirdhealú i gcoinne an iarratasóra.

____________

1 Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO 2022 L 277, lch. 1).