Language of document :

Caingean arna tabhairt an 14 Feabhra 2024 – Dassault aviation v an Coimisiún

(Cás T-77/24)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Dassault avaiation (Páras, an Fhrainc) (ionadaí: E. Mignon, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an t-iarratas ar neamhniú inghlactha agus go bhfuil bunús maith leis;

roinn 3.21 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 1 a tugadh isteach le mír 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán 2023/2485 2 ón gChoimisiún an 27 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 lena mbunaítear critéir scagtha theicniúla bhreise chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile.

a ordú don Choimisiún na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear nach raibh inniúlacht ag an gCoimisiún chun Roinn 3.21 a chur isteach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139, a tugadh isteach le mír 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an rialachán atá faoi chonspóid. Maíonn an t-iarratasóir gur glacadh Rialachán Tarmligthe 2023/2485 ar bhonn Bunrialacháin (Rialachán 2020/852 an 18 Meitheamh 2020, (‘an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht’), rud nach bhféadfaí an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun earnálacha eacnamaíocha iomlána a chomhtháthú nó a eisiamh ón tacsanomaíocht.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar cheanglais riachtanacha nós imeachta roinnte ina dhá chuid, os rud é, ar an gcéad dul síos, nach bhfuair an Coimisiún ‘an saineolas riachanach go léir’ sular glacadh Rialachán Tarmligthe 2023/2485 agus, ar an dara dul síos, tá an rialachán atá faoi chonspóid folamh in éagmais aon ráitis maidir le monaraíocht aerárthaí a eiseamh ó tacsanomaíocht.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla mar gheall nach bhfuil sainmhíniú ar eitlíocht ghnó i Rialachán Tarmligthe 2023/2485.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear nár chuir Rialachán Tarmligthe 2023/2485 Airteagal 19 den Rialacháin maidir le Tacsanomaíocht san áireamh, lena leagtar síos na prionsabail lena gcuirtear taca ar fhorbairt chritéir scagtha.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe, os rud é nár chuir an Coimisiún Eorpach san áireamh na fíorais tosca ábhartha uile chun údar a thabhairt lena chinneadh.

An séú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabail na cothromaíochta, os rud é go gcaitheann Rialachán Tarmligthe 2023/2485 le monaróirí eitleáin gnó ar bhealach difriúil agus éagórach i gcomparáid le monaróirí eitleáin eile.

____________

1 Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Rialachán 2020/852 trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis na gníomhaíochtaí eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile (IO 2021 L 442 lch. 1).

1 Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2485 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 lena mbunaítear critéir scagtha theicniúla bhreise chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile (IO L, 2023/2485).