Language of document :

Caingean arna tabhairt an 8 Márta 2024 – AF v an Chomhairle

(Cás T-154/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: AF (ionadaithe: A. Guillerme agus F. Patuelli, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Tuarascáil mheasúnachta deiridh an iarratasóra don bhliain 2022 a chur ar neamhní;

a ordú don chosantóir cúiteamh a íoc as an damáiste ábhartha agus morálta a d’fhulaing an iarratasóir mar thoradh ar an íosghrádú gan údar agus ar sannadh grád íseal neamhshonraithe don iarratasóir, arna mheasúnú ex aequo et bono agus ar bhonn sealadach ag EUR 30 000, ag brath ar mhéadú le linn na n-imeachtaí agus ag brath ar ús mainneachtana, ag tosú ó dháta seachadta an bhreithiúnais agus go dtí go ndéanfar íocaíocht iomlán, de réir an ráta arna shocrú ag an mBanc Ceannais Eorpach do na príomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna mhéadú trí phointe céatadáin;

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil tuarascáil mheasúnachta deiridh an iarratasóra don bhliain 2022 bunaithe ar fhíorais atá mícheart go hábhartha.

I ndáil leis an méid sin, measann an t-iarratasóir go mbraitheann a tuarascáil mheasúnachta deiridh ar líomhaintí bréagacha nó míchearta chun údar a thabhairt leis na gráid a bronnadh ar an iarratasóir. Bunaithe ar fhianaise arna sholáthar ag an iarratasóir, tá an cuma ar na mbreithnithe arna sonrú ag na hoifigigh tuairiscithe i dtuarascáil mheasúnachta an iarratasóra go bhfuil siad bunaithe ar roinnt fíorais mhíchearta.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil an Tuarascáil Mheasúnachta Deiridh curtha ó bhail mar gheall ar earráidí follasacha measúnaithe.

Bunaithe ar an bhfianaise arna soláthar ag an iarratasóra, ní féidir seasamh leis na conclúidí ar tháinig na hoifigigh tuairiscithe orthu mar chonclúidí beachta nó comhsheasmhacha. Go deimhin, níl aon shocreidteacht acu, go háirithe maidir leis an bhfianaise arna tíolacadh chun údar a thabhairt leis na gráid ísle a bronnadh ar an iarratasóir.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar cheart an iarratasóra chun éisteacht a fháil agus ar phrionsabal an dea-riaracháin.

Baineadh an deis den iarratasóir aitheantas agus aghaidh a thabhairt do na heachtraí sonracha agus líomhnaithe arbh é an toradh a bhí orthu go ndearna na hOifigigh Tuairiscithe a torthaí a íosghrádú. Sa chás frithfhíorasach, bheadh sí in ann a léiriú, mar atá leagtha amach sa dara saincheist dlí, go raibh na fíricí a líomhnaíodh go hiomlán mícheart agus bheadh sí in ann cur ina luí ar a hOifigigh Tuairiscithe athbhreithniú a dhéanamh ar a measúnú sula gcríochnódh siad é.

____________