Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 27 Márta 2024 – AQ v ECHA
(Cás T-1101/23 R)
(Bearta eatramhacha – Rochtain ar dhoiciméid – Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 – Eisceacht a bhaineann le cosaint leasanna tráchtála tríú páirtí – Iarratas ar oibriú a chur ar fionraí – Easpa práinne)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: AQ (ionadaithe: C. Mereu agus I. Zonca, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ionadaithe: C. Buchanan agus B. Broms, Gníomhairí)
Ábhar
Trína iarratas de bhun Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear ar fionraí forghníomhú chinneadh na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) an 14 Meán Fómhair 2023 lena ndeonaítear rochtain iomlán ar an doiciméad a iarrtar i gcomhthéacs an nós imeachta lena mbaineann an tagairt [rúnda], faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO 2001 L 145, lch. 43 ).
An chuid oibríochtúil
Déantar an t-iarratas ar bhearta idirlinne a dhíbhe.
Forchoimeádtar na costais.
____________