Language of document :

Caingean arna tabhairt an 21 Feabhra 2024 – Airbus Defence and Space agus Marlink Events v GEC

(Cás T-105/24)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Airbus Defence and Space SAS (Toulouse, an Fhrainc), Marlink Events SAS (Choisy-le-Roi, an Fhrainc) (ionadaithe: F. Salat-Baroux agus M. Lordonnois, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

cinntí ón nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint (i) an 12 Nollaig 2023, lena ndiúltaítear le tairiscint an ghrúpa cuideachtaí atá comhdhéanta de Airbus Defence and Space SAS agus Marlink Events SAS a cuireadh isteach i gcomhthéacs an ghlao ar thairiscintí 23.ISE.JP.001 a bhaineann le margadh soláthair cumarsáide satailíte i mbandaí C, Ku, (civ)Ka, L agus UHF, trealaimh bhanda (mil)Ka & X agus seirbhísí gaolmhara, agus lena gcinntear an conradh sin a bhronnadh arTelespazio France SAS; (ii) an 23 Eanáir 2024 lena gcinntear deireadh a chur le fionraí shíniú an chonartha 23.ISE.JP.001, a glacadh an 8 Eanáir tar éis barúlacha ó Airbus Defence and Space SAS agus toradh an nós imeachta tairisceana 23.ISE.JP.001 lena mbronntar an conradh ar Telespazio France SAS a dhearbhú, agus (iii) an 24 Eanáir 2024 lena gcinntear conradh 23.ISE.JP.001 a shíneadh le Telepazio France SAS, a chur ar neamhní;

a ordú don Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint suim EUR 21 650 734 a íoc le Airbus Defence and Space a fhreagraíonn don dochar a rinneadh mar thoradh ar na cinntí atá faoi chonspóid agus cuiteamh EUR 2 552 350 a íoc le Marlink a fhreagraíonn don dochar a rinneadhmar thoradh ar na cinntí atá faoi chonspóid, agus méadófar na méideanna le hús mainneachtana agus caipitlithe;

a ordú don Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear mainneachtain cúiseanna agus earráid dlí sna forais ar a ndiúltaítear mionsonraí a sholáthar maidir leis an scór airgeadais a fuair gach iarrthóir, cé nach ionann an fhaisnéis shimplí sin a bhaineann leis an scór sin, a cheanglaítear le hAirteagal 170 de Rialachán 2018/1046 an 18 Iúil 2018, agus sárú ar rúndacht na dtairiscintí de gach iarrthóir.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí agus earráid fhollasach mheasúnaithe san anailís ar chomhréireacht thairiscint an tairgeora rathúil, toisc nár shásaigh an t-údarás conarthach dó féin go hiomlán go raibh bonn cirt sonrach tugtha ag an dtairgeoir rathúil le comhlíonadh na gceanglas uile a cheanglaítear leis na doiciméid chomhairliúcháin i gcomhréir le forálacha Airteagal 56 de Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Rialachán 2004/18/CE.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe agus saobhadh i scrúdú ar thairiscintí faoi seach an bheirt iarrthóir i gcás fo-fo-chritéir roghnach O-007 de fho-chritéir 4 de ‘Chritéir Dámhachtana Teicniúla’, os rud é nár thug an tairgeoir rathúil údar cuí a bheith réidh chun an fo-fo-chritéir a chomhlíonadh, toisc nach raibh acmhainneacht UHF ar fáil sa mhargadh, agus ba cheart go mbronnfaí an scór uasta air mar gheall ar shaintréithe na seirbhíse UHF a mhol na hiarrthóirí.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe agus saobhadh sa scrúdú ar an dtairiscint rathúil i gcás fo-fo-chritéir ‘ionchas C’ de fho-chritéir de ‘Chritéir Dámhachtana Teicniúla’, os rud é nár thug an iarrthóir rathúil údar cuí go raibh conradh curtha i gcrích aige, roimh an ghlao ar thairiscintí le ceann de na hoibreoirí satilítí a bhí ag tairiscint na seirbhíse LEO a iarrtar faoin fho-fo-chritéir sin.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí, earráid fhollasach mheasúnaithe agus saobhadh sa scrúdú ar an dtairiscint rathúil i gcás fho-fo-chritéir roghnacha O-003 agus O-004 den fho-chritéir de ‘Critéir Dámhachtana Teicniúla’, os rud é nár thug an iarrthóir údar cuí go raibh conradh curtha i gcrích aige, roimh an ghlao ar thairiscintí le roinnt de na hoibreoirí satilítí a bhí ag tairiscint na seirbhísí a iarrtar faoin dá fofo-chritéir roghnacha sin.

An séú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí, earráid fhollasach mheasúnaithe, sárú ar phrionsabal na córa comhionainne agus saobhadh sa scrúdú ar thairiscint an iarrthóra i gcás fho-fo-chritéir ‘trealamh’ de fho-chritéir ‘Dámhachtana Teicniúla’, os rud é gur chuir na hiarratasóirí síneadh leis an rathaíocht agus na deimhnithe a iarradh le haghaidh críochfort agus gur cheart don údarás conarthach, i gcás ar bith, iarratas le haghaidh soiléiriú a sheoladh chuig na hiarratasóirí má bhí ceisteanna aige faoi na deimhnithe arna soláthair.

An seachtú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe agus saobhadh sa scrúdú ar thairiscint na n-iarratasóirí i gcás fho-fo-chritéir ‘ionchas B’ den fho-chritéir ‘Dámhachtana Teicniúla’, os rud é go raibh na freagraí arna soláthar ag na hiarratasóirí mar chuid de shonraí tairisceana an ghlao ar thairiscintí.

____________