Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Márta 2024 – Belshyna v an Chomhairle

(Cás T-115/22) 1

(Comhbheartas Eachtrach agus Slándála – Bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin – Reo cistí – Liostaí de na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí maidir le reo sócmhainní agus acmhainní eacnamaíocha – Áireamh agus coinneáil ainm an iarratasóra ar na liostaí – Tacaíocht do réimeas Lukashenko – Tacaíocht airgeadais – Fiontar faoi úinéireacht stáit – An tsochaí shibhialta faoi chois – Earráid mheasúnaithe)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Belshyna AAT (Bobrouïsk, an Bhealarúis) (ionadaithe: N. Tuominen agus L. Engelen, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Boggio Tomasaz agus A. Antoniadis, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí, ar an gcéad dul síos, Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/2125 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO 2021 L 430 I, lch. 16), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2124 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO 2021 L 430 I, lch. 1) agus, ar an dara dul síos, Cinneadh (CBES) 2023/421 ón gComhairle an 24 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO 2023 L 61, lch. 41), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/419 ón gComhairle an 24 Feabhra 2023 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO 2023 L 61, lch. 20), ar neamhní, a mhéid a bhaineann siad leis,.

An chuid oibríochtúil

Cuirtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/2125 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2124 ón gComhairle, an 2 Nollaig 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise, Cinneadh (CBES) 2023/421 ón gComhairle an 24 Feabhra 2023, lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/419 ón gComhairle an 24 Feabhra 2023, lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin, a mhéid a bhaineann siad le Belshyna AAT, ar neamhní.

Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc.

____________

1     IO C 171, 25.4.2022.