Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Márta 2024 – Mostovdrev v an Chomhairle

(Cás T-259/22) 1

(Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh mar gheall ar an staid sa Bhealarúis – Toirmisc ar allmhairiú, ceannach, iompar agus soláthar táirgí agus seirbhísí san earnáil táirgí adhmaid ón mBealarúis – Oibleagáid cúiseanna a lua – Cóir chomhionann – Mí-úsáid cumhachta – Comhréireacht – Cearta maoine – Saoirse fiontraíochta)  

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: AAT Mostovdrev (Mosty, an Bhealarúis) (ionadaithe: N. Tuominen agus L. Engelen, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Rebasti agus A. Boggio- Tomasaz, Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Carpus Carcea agus J. Norris, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí, ar thaobh amháin, Cinneadh (CBES) 2022/356 ón gComhairle an 2 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha mar gheall ar an staid sa Bhealarúis. (IO 2022, L 67, lch. 103) ar neamhní, agus, ar an taobh eile, go gcuirfí Rialachán (AE) 2022/355 ón gComhairle an 2 Márta 2022, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006  a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO 2022, L 67, lch. 1) ar neamhní, a mhéid a bhaineann siad leis. 

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do AAT Mostovdrev na costais arna dtabhú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh a íoc, i dteannta a chostais féin.

Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin a íoc.

____________

1 IO C 257, 4.7.2022.