Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 16 Samhain 1013 ag Centre d’étude et de valorisation des algues SA (CEVA) i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra) a tugadh an 6 Meán Fómhair 2023 i gCás T 748/20, an Coimisiún v CEVA agus páirtithe eile

(Cás C-686/23 P)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: Centre d’etude et de valorisation des algues SA (CEVA) (ionadaí: A. Raccah, avocat)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach, SELARL AJIRE, SELARL TCA

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Ghinearálta:

breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2023 i gCás T-748/20 an Coimisiún v CEVA agus páirtithe eile a chur ar neamhní;

a ordú don Aontas Eorpach suim EUR 30 000 a íoc le CEVA le haghaidh costais dlí.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-achomharcóir dhá shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráidí dlí i gcur i bhfeidhm na rialacha teorann maidir le héileamh fiachais. Go sonrach, chinn an Chúirt Ghinearálta gur fhreagair tús na tréimhse teorann don am a eisíodh na nótaí dochair agus, dá bhrí sin, go raibh an tráth a thosaigh an tréimhse ag teacht le dáta comhlíonta an chonartha.

De réir an achomharcóra, ní fhéadfadh an Chúirt Ghinearálta brath ar bhriseadh i rith na tréimhse teorann agus mar thoradh air sin bhí cosc ama ar an éileamh fiachais atá i gceist.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar phrionsabal an dea-riaracháin ceartais sa mhéid nach raibh an Chúirt Ghinearálta ag brath ach ar an bhfianaise a léamh go neamhbheacht, eadhon ar thuarascáil OLAF. In éagmais aicmiú beacht i dtuarascáil OLAF, maíonn an t-achomharcóir nach bhféadfadh an Coimisiún ná an Chúirt Ghinearálta a aithint go raibh neamhrialtachtaí airgeadais déanta aige i gcomhlíonadh chonradh SEAPURA.

Ina theannta sin, maíonn an t-achomharcóir nach bhféadfadh an Chúirt Ghinearálta iallach a chur uirthi an maoiniú a fuarthas a aisíoc in éagmais ciontú ina choinne. Cáineann an t-achomharcóir anailís na Cúirte Ginearálta ar dá réir is féidir leis an gCoimisiún brath os comhair bhreithiúnas an Aontais, ar imeachtaí a tionscnaíodh sa Fhrainc, ar bhonn dhlí na Fraince, ós rud é nach bhfuil an conradh atá i gceist bunaithe ach ar dhlí na Beilge agus go dtugann sé dlínse eisiach do Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh.

____________