Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel București (an Rómáin) a taisceadh an 4 Márta 2022 – Groenland Poultry SRL, faoi leachtú v Agenția de Plăti și Intervenție pentru Agricultură – Centrul Județean Dâmbovița
(Cás C-169/22)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Curtea de Apel București
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Groenland Poultry SRL, faoi leachtú
Cosantóir: Agenția de Plăti și Intervenție pentru Agricultură – Centrul Județean Dâmbovița
Na ceisteanna a tharchuirtear
Ar cheart Airteagal 47(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1974/2006 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle maidir le tacaíocht d'fhorbairt na tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT)1 a léirmhíniú sa chaoi go n-áirítear le “force majeure nó imthosca eisceachtúla” an cás ina gcaillfidh tairbhí na tacaíochta an ceart chun an mhaoin léasaithe a úsáid mar gheall ar fhoirceannadh an chonartha léasa de bharr dhócmhainneacht úinéir na maoine léasaithe(léasóir)?
Ag féachaint do phrionsabal na comhréireachta, ar cheart Airteagal 44(2)(a) de Rialachán Uimh. 1974/2006 a léirmhíniú, i gcás go n-aistrítear gabháltas tairbhí, go hiomlán nó go páirteach, chuig duine eile le linn thréimhse comhlíonta gealltanais a dhéantar mar choinníoll chun tacaíocht a dheonú, agus go scoireann an dara tairbhí sin go cinntitheach dá ghníomhaíochtaí talmhaíochta cé go bhfuil cuid shuntasach dá ghealltanas comhlíonta aige cheana féin agus nach féidir le comharba an gealltanas a ghlacadh ar láimh, ar chaoi nach mór don dara tairbhí [den tacaíocht] an tacaíocht a fuair sé a aisíoc (don tréimhse a raibh sé ina thairbhí lena linn), nó an gcaithfidh sé an tacaíocht a fuair an chéad tairbhí den tacaíocht a aisíoc freisin?
Cad iad na coinníollacha faoina bhféadfadh an chúirt náisiúnta a chinneadh, i gcomhthéacs an léirmhínithe ar Airteagal 44(2)(a) de Rialachán Uimh. 1974/2006, “nach féidir le comharba an gealltanas a ghlacadh ar láimh”?
____________
1 IO 2006, L 368, lch. 15.