Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Judecătoria sectorului 6 București (an Rómáin) arna taisceadh an 3 Eanáir 2023 — M.-A. A. v Direcţia de Evidenţă a Persoanelor Cluj, Direcţia pentru Evidenţa Persoanelor şi Administrarea Bazelor de Date din Ministerul Afacerilor Interne, agus Municipiul Cluj-Napoca, le rannpháirtíocht an Consiliului Național pentru Combaterea Discriminării agus Asociația Accept

(Cás C-4/23, Asociația Accept)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Judecătoria Sectorului 6 București

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: M.-A. A.

Cosantóirí: Direcția de Evidență a Persoanelor Cluj, Direcția pentru Evidența Persoanelor și Administrarea Bazelor de Date din Ministerul Afacerilor Interne, and Municipiul Cluj-Napoca

Idiragraithe: Consiliul Național pentru Combaterea Discriminării agus Asociația Accept

Na ceisteanna a tharchuirtear

An ionann é nach n-aithnítear le hAirteagal 43(i) agus le hAirteagal 57 de Legea nr. 119/1996 privind actele de stare civilă (Dlí Uimh. 119/1996 maidir le doiciméad stádais shibhialta) athruithe ar stádas sibhialta arna ndéanamh i mBallstát eile trí bhíthin an nós imeachta maidir le haitheantas dlíthiúil inscne a iontráil a bhaineann le inscne agus le céadainm fir thrasinscnigh a bhfuil dénáisiúntacht aige (Rómánach agus náisiúntacht Ballstáit eile) agus go gceanglaítear ar shaoránach na Rómáine dul trí nós imeachta breithiúnach ar leith sa Rómáin ón tús, in aghaidh seirbhís phoiblí áitiúil na dtaifead pearsanta agus stádas sibhialta - imeachtaí ar chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go raibh easpa soiléireachta agus intuarthachta ina leith (Cás X agus Y v an Rómáin, Uimh. 2145/16 agus 20607/16, 19 Eanáir 2021) agus as a bhféadfadh breithiúnas atá contrártha leis an mbreithiúnas arna thabhairt sa Bhallstát eile a bheith mar thoradh air, agus bac ar fheidhmiú an chirt chun saoránachta Eorpaí (Airteagal 20 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) agus/nó an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse atá ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh (Airteagal 21 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 45 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh) go díniteach, comhionannas os comhair an dlí agus neamh-idirdhealú (Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 18 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagail 1, 20 agus 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh), lena n-urramaítear an ceart chun saoil phríobháidigh agus chun saoil teaghlaigh (Airteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh)?

An ndéanann imeacht Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ón Aontas Eorpach difear do fhreagra na ceiste thuas, go háirithe (i) i gcás inar cuireadh tús leis an nós imeachta chun stádas sibhialta a athrú roimh Brexit agus inar cuireadh i gcrích é le linn na hidirthréimhse, agus (ii) go bhfágann tionchar Brexit nach féidir leis an duine úsáid a bhaint as na cearta a bhaineann le saoránacht Eorpach, lena n-áirítear an ceart chun saorghluaiseachta agus cónaithe, ar bhonn doiciméad aitheantais nó taistil Rómánach ina bhfuil inscne agus céadainmneacha baineanna agus ar bhonn na ndoiciméad sin amháin, rud atá contrártha leis an bhféiniúlacht inscne atá aitheanta go dlíthiúil cheana féin?

____________