Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Feabhra 2024 – Beauty Biosciences v EUIPO – Société de Recherche Cosmétique (BEAUTYBIO)

(Cás T-80/23) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh BEAUTYBIO – Dearbhfhorais neamhbhailíochta – Cineál tuairisciúil – Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois) – Easpa saincháilíochta – Airteagal 7(1)(b) de Rialachán Uimh. 207/2009 (Airteagal 7(1)(b) de Rialachán 2017/1001 anois))

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Beauty Biosciences LLC (Dallas, Texas, na Stáit Aontaithe) (ionadaí: D. Mărginean, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: M. Eberl, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de l’EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Société de Recherche Cosmétique SARL (Lucsamburg, Lucsamburg) (ionadaí: P. Wilhelm, Dlíodóir)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 20 Nollaig 2022 (Cás R 1038/2022-4) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do Beauty Biosciences LLC a chostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Société de Recherche Cosmétique SARL le linn na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta, a íoc.

Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc.

____________

1     IO C 127, 11.4.2023.