Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Feabhra 2024 – Oriflame Cosmetics v EUIPO – Caramé (O)

(Cás T-74/23) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach – Marc fíortha O – Clárú idirnáisiúnta níos luaithe i ndáil leis an marc fíortha O – Foras coibhneasta le diúltú – Easpa fíorúsáid an trádmhairc níos luaithe – Airteagal 42(2) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 47(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Oriflame Cosmetics AG (Schaffhouse, an Eilvéis) (ionadaithe: N. Gerling agus U. Pfleghar, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontas Eorpaigh (ionadaí: T. Klee, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de l’EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Caramé Holding AG (Sulzbach, an Ghearmáin) (ionadaithe: M. Ebner agus R. Lange, Dlíodóirí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní agus go modhnófaí an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontas Eorpaigh (EUIPO) an 7 Nollaig 2022 (Cás R 938/2022-2).

An chuid oibríochtúil

Cuirtear an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 7 Nollaig 2022 (R 938/2022-2) ar neamhní.

Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

Ordaítear d’EUIPO a costais féin, chomh maith le leath na gcostas arna dtabhú ag Oriflame Cosmetics AG, a íoc.

Ordaítear do Caramé Holding AG a costais féin, chomh maith le leath na gcostas arna dtabhú ag Oriflame Cosmetics, a íoc.

____________

1     IO C 121, 3.4.2023.