Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Feabhra 2024 – Hatherly v EUAA

(Cás T-40/23) 1

(Seirbhís Shibhialta – Pearsanra EUAA – Earcaíocht – Fógra folúntais – Nós imeachta roghnúcháin do phoist chúntóra – Tairiscint poist – Coinníollacha lena mbaineann leibhéal ardoideachais dearbhaithe le dioplóma agus taithí ghairmiúil ábhartha a fuarthas i ndiaidh an dioplóma a bhaint amach – Tarraingt siar tairiscint poist – Earráid mheasúnaithe – Cóir chomhionann – Comhréireacht – Dliteanas)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Xavier James Hatherly (Hamrun, Málta) (ionadaí: A. Grima, Dlíodóir)

Cosantóir: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (ionadaí: P. Eyckmans, M. Stamatopoulou agus D. Testa, Gníomhairí, le cúnamh ó T. Bontinck agus A. Guillerme, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) an 8 Aibreáin lena tarraingítear siar an tairiscint poist a fuair sé do phost mar chúntoir riaracháin (nós imeachta roghnúcháin EASO/2021/TA/007) chomh maith le Cinneadh an 3 Samhain 2022 lena ndiúltaítear dá éileamh, agus, ar an dara dul síos, cúiteamh le haghaidh caillteanas tuarastail arna dtabhú aige go dtí seo.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.

____________

1     IO C 127, 11.4.2023.