Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Feabhra 2024 – J&B v EUIPO – Ergün (J&B BRO)

(Cás T-318/23) 1

(‘Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘J&B BRO’ – Marcanna fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh 4BRO níos luaithe – Foras coibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mearbhaill – Cosúlacht idir na gcomharthaí – Airteagal 8(1)b de Rialachán (AE) 2017/1001’)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: J&B Ltd (Road Town, Oileáin Bhriotanacha na Maighdean) (ionadaithe: C. Thomas agus B. Reiter, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: S. Scardocchia agus A. Ringelhann, Gníomhairí)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Engin Ergün (Dortmund, an Ghearmáin)

Ábhar

Lena caingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 12 Aibreán 2023 (Cás R 2012/2022-1) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Díbhtear an chaingean.

Ordaítear do J&B Ltd agus d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a gcostais féin a íoc.

____________

1     IO C 261, 24.7.2023.