Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Pitești (an Rómáin) an 5 Eanáir 2022 – EF, GH, IJ v KL

(Cás C-13/22)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel Pitești

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: EF, GH, IJ

Cosantóir: KL

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gcuirtear bac le prionsabal neamhspleáchas na mbreithiúna, atá cumhdaithe sa dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh in éineacht le hAirteagal 2 CAE agus Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ar fhoráil náisiúnta, amhail Airteagal 148(2) de Bhunreacht na Rómáine, arna léiriú ag an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil, an Rómáin) ina breithiúnas Uimh. 390/2021, ar foráil í nach bhfuil dlínse ag cúirteanna náisiúnta a thuilleadh scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht forála náisiúnta le dlí an Aontais, ar foráil í a fuarthas a bheith comhsheasmhach leis an mBunreacht le breithiúnas ón gCúirt Bhunreachtúil?

An gcuirtear bac le prionsabal neamhspleáchas na mbreithiúna, atá cumhdaithe sa dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh in éineacht le hAirteagal 2 CAE agus Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ar fhoráil náisiúnta, amhail Airteagal 99(ș), Legea nr. 303/2004 privind statutul judecătorilor și procurorilor (Gníomh Uimh. 303/2004 maidir le rialacha lena rialaítear breithiúna agus ionchúisitheoirí), lena gceadaítear imeachtaí araíonachta a thionscnamh agus pionós araíonachta a fhorchur ar bhreitheamh as mainneachtain bhreithiúnas na Cúirte Bunreachtúla a chomhlíonadh, i gcás ina n-iarrtar ar an mbreitheamh sin tosaíocht a thabhairt do dhlí an Aontais ar fhorais bhreithiúnas de chuid na Cúirte Bunreachtúla, cé go bhfágfaí an fhoráil sin den dlí náisiúnta lena mbaineann an breitheamh gan an fhéidearthacht breithiúnas de chuid na Cúirte Breithiúnais a chur i bhfeidhm a mheasann an breitheamh go bhfuil tosaíocht aige?

____________