Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) an 31 Eanáir 2023 — Budapest Főváros IV. Kerület Újpest Önkormányzat Polgármesteri Hivatala v Nemzeti Adatvédelmi és Információszabadság Hatóság
(Cás C-46/23, Újpesti Polgármesteri Hivatal)
Teanga an cháis: an Ungáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Fővárosi Törvényszék
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Budapest Főváros IV. Kerület Újpest Önkormányzat Polgármesteri Hivatala
Cosantóir: Nemzeti Adatvédelmi és Információszabadság Hatóság
Na ceisteanna a tharchuirtear
An gcaithfear Airteagal 58(2), go háirithe (c), (d) agus (g) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 1 a léiriú sa chaoi go bhféadfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta, agus a chumhachtaí ceartaitheacha á bhfeidhmiú aige, a ordú don rialaitheoir nó don phróiseálaí na sonraí pearsanta a próiseáladh go neamhdhleathach a scriosadh fiú in éagmais iarratais shainráite ón ábhar sonraí i gcomhréir le hAirteagal 17(1) den Rialachán?
I gcás gurb é an freagra ar an gcéad cheist ná gur féidir leis an údarás maoirseachta a ordú don rialaitheoir nó don phróiseálaí na sonraí pearsanta a próiseáladh go neamhdhleathach a scriosadh fiú in éagmais iarratais ón ábhar sonraí, an amhlaidh atá gan beann ar an bhfuarthas na sonraí pearsanta ón ábhar sonraí nó nár fuarthas?
____________
1 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO 2016 L 119, lch. 1).