Caingean arna tabhairt an 1 Iúil 2022 – Fresenius Kabi Austria agus páirtithe eile v an Coimisiún
(Cás T-416/22)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Fresenius Kabi Austria GmbH (Graz, an Ostair) agus 14 iarratasóir eile (ionadaithe: W. Rehmann agus A. Knierim, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
Cinneadh C(2022) 3591 an 24 Bealtaine 2022 a chur ar neamhní a mhéid a ordaíonn sé do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh na húdaruithe margaíochta náisiúnta do na táirgí íocshláinte dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de a chur ar fionraí;
a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí a íoc;
mar mhalairt air sin, trí thairiscint réamhchúraim, Cinneadh C(2022) 3591 an 24 Bealtaine 2022 ón gCoimisiún a dhearbhú a bheith ar neamhní, a mhéid a ordaíonn sé do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh na húdaruithe margaíochta náisiúnta do tháirgí íocshláinte na n-iarratasóirí do na táirgí íocshláinte dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de a chur ar fionraí.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear nach gcomhlíontar ceanglais Airteagal 116 de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 lena dtugtar údar maith le fionraí an údaraithe margaíochta do tháirgí íocshláinte ina bhfuil stáirse hiodrocsaitile. Dá bhrí sin, ní féidir leis an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh lena gceanglaítear go gcuirfidh na Ballstáit na húdaruithe margaíochta faoi seach ar fionraí trí bhíthin an chinnidh a chur chun feidhme.
An dara saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil prionsabal an réamhchúraim á shárú ag cinneadh an Choimisiúin.
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear nach bhfuil fionraí an údaraithe margaíochta do tháirgí íocshláinte ina bhfuil stáirse hiodrocsaitile leordhóthanach ná comhréireach chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sábháilteachta a eascraíonn as an Staidéar ar Úsáid Drugaí. Níor cheart go gcuirfí fionraí ar úsáid in-lipéad a bhfuil éifeachtaí tairbhiúla dea-dhoiciméadaithe aici mar thoradh ar úsáid seachlipéid, go háirithe in éagmais aon chomharthaí slándála diúltacha nua.
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil an cinneadh contrártha ann féin agus, dá bhrí sin, níl réasúnaíocht leordhóthanach ann.
____________
1 Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO 2001 L 311, lch. 67).