Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 31 Eanáir 2024 – AirDoctor v EUIPO (AMAZING AIR)
(Cás T-269/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh AMAZING AIR – Dearbhfhoras le diúltú – Easpa sainiúlachta – Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: AirDoctor LLC (Sherman Oaks, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: K. Rantala, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: N. Lamsters agus T. Klee, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 8 Márta 2023 (Cás R 2299/2022 4) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) Diúltaítear don chaingean.
2) Ordaítear do AirDoctor, LLC agus d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a gcostas féin a íoc.
____________
1 IO C 235, 3.7.2023