Language of document :

Caingean arna tabhairt an 5 Feabhra 2024 – Schmidt Spiele v EUIPO – de Gea Quintana (DDG)

(Cás T-53/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Schmidt Spiele GmbH (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaí: T. Urek, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: David de Gea Quintana (Hale Barns, an Ríocht Aontaithe)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha an Aontais Eorpaigh ‘DDG’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 567 763

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 4 Nollaig 2023 i gCás R 1039/2023-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

cinneadh rannán an fhreasúra an 28 Meán Fómhair 2021 a chur ar neamhní;

an cás a tharchur ar ais chuig EUIPO

a ordú do EUIPO na costais a íoc, lena n-áirítear costais na n-imeachtaí os comhair EUIPO.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________