Language of document :

Caingean arna tabhairt an 5 Feabhra 2024 – EveMotion v EUIPO – Wmk Trading (Pavillons)

(Cás T-54/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe sna himeachtaí

Iarratasóir: EveMotion GmbH (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaí: G. Dahle, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Wmk Trading GmbH (Altenberge, an Ghearmáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an dearaidh atá faoi cheist: Iarratasóir

Dearadh atá faoi cheist: Dearadh Comhphobail Pavillons – Dearadh Comhphobail Uimh. 5 490 596-0003

Nós imeachta os comhair EUIPO: Nós imeachta cealúcháin

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc de EUIPO an 1 Nollaig 2023 i gCás R 436/2023-3

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO agus do na páirtithe costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheist dlí

Sárú ar Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle.

____________