Caingean arna tabhairt an 10 Eanáir 2022 – uwe JetStream v EUIPO (JET STREAM)
(Cás T-14/22)
Teanga an cháis: An Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: uwe JetStream GmbH (Schwäbisch Gmünd, an Ghearmáin) (ionadaí: J. Schneider, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil le focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “JET STREAM” – Iarratas ar chlárú Uimh. 20 809 111
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 9 Samhain 2021 i gcás R 1092/2021 - 4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid agus cinneadh EUIPO ag an gcéad chéim an 15 Nollaig 2020 agus an 29 Aibreán 2021 a chur ar ceal;
síneadh a chur leis an gcosaint ar chlárú idirnáisiúnta Uimh. 0809111 a údarú ar mhaithe lena chlárú san Aontas Eorpach;
ordú a thabhairt do EUIPO na costais a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________