Language of document :

Caingean arna tabhairt an 17 Feabhra 2023 – Data Protection Commission v an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí

(Cás T-84/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Data Protection Commission (ionadaithe: D. Young, A. Bateman agus R. Minch, Aturnaetha, B. Kennelly, Abhcóide Sinsir, D. Fennelly agus E. Synnott, Abhcóidí)

Cosantóir: An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an dara líne as míreanna 203 agus 454 de Chinneadh Ceangailteach 4/2022 ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí (“EDPB”) maidir leis an díospóid arna taisceadh ag údarás maoirseachta na hÉireann de bhun Airteagal 65 RGCS maidir le Meta Platforms Ireland Limited agus a sheirbhís Instagram a chur ar neamhní;

a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena líomhnaítear gur sháraigh EDPB a inniúlacht faoi Airteagal 65(1)(a) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (RGCS)1 trí iarracht a dhéanamh treoracha a thabhairt don Data Protection Commission (an Coimisiún um Chosaint Sonraí) (“DPC”) chun: (i) imscrúdú nua a dhéanamh, agus (ii) dréachtchinneadh nua a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 60(3) RGCS.

An dara saincheist dlí, lena líomhnaítear gur sháraigh EDPB Airteagal 4(24) RGCS agus Airteagal 65(1)(a) RGCS trí léiriú earráideach a dhéanamh ar na forálacha sin sa chaoi go mbronntar inniúlacht leo ar EDPB treoracha a thabhairt do DPC chun: (i) imscrúdú nua a dhéanamh, agus (ii) dréachtchinneadh nua a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 60(3) RGCS.

____________

1 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).