Language of document :

Caingean arna tabhairt an 6 Bealtaine 2024 – Ponsatí i Obiols v an Pharlaimint

(Cás T-236/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Clara Ponsatí i Obiols (Waterloo, an Bheilg) (ionadaithe: G. Boye agus S. Bekaert, Dlíodóirí)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

na cinntí a fógraíodh sa Pharlaimint an 26 Feabhra agus an 10 Aibreán 2024 lena ndearbhaítear go bhfuil na hiarrataí ar chosaint dhíolúintí Ponsatí neamh-inghlactha de bhun Airteagal 9(1)(a) agus (2) de Phrótacal Uimh. 7 a fógraíodh sa Pharlaimint an 29 Márta 2023 (2023/2039(IMM)) agus an 11 Meán Fómhair 2023 (2023/2191(IMM)) a chur ar neamhní;

–    a ordú don chosantóir costais ar fad na n-imeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh na cinntí a fógraíodh sa Pharlaimint an 26 Feabhra agus an 10 Aibreán 2024, lena ndearbhaítear go raibh na hiarrataí ar chosaint na ndíolúintí a fógraíodh sa Pharlaimint an 29 Márta agus an 11 Meán Fómhair 2023 neamh-inghlactha, Rialacha 9(4) agus (9) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, chomh maith le hAirteagal 39(2) agus Airteagal 41(1) den Chairt, i gcomhar le hAirteagail 232 agus 343 CFAE agus Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7, toisc gur ghlac comhlacht neamhinniúil laistigh den Pharlaimint iad.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh na cinntí a fógraíodh sa Pharlaimint an 26 Feabhra agus an 10 Aibreán 2024, lena ndearbhaítear go raibh na hiarrataí ar chosaint na ndíolúintí a fógraíodh sa Pharlaimint an 29 Márta agus an 11 Meán Fómhair 2023 neamh-inghlactha, Rialacha 7(3) agus 9 de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, chomh maith le hAirteagal 39(2) agus Airteagal 41(1) agus (2) den Chairt, i gcomhar le hAirteagail 232 agus 343 CFAE agus Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7, toisc nach raibh feidhm ag Riail 7(3) maidir leis na hiarrataí sin agus, dá bhrí sin, gur baineadh an t-iarratasóir dá cearta sna nósanna imeachta díolúine sin go neamhdhleathach.

____________