Caingean arna tabhairt an 4 Bealtaine 2024 – Transport Werk v EUIPO – Antonic (TRANSPORT WERK)
(Cás T-234/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Transport Werk GmbH (Offenbach am Main, an Ghearmáin) (ionadaí: D. Donath, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Milan Antonic (Nürnberg, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha TRANSPORT WERK – Marc fíortha Uimh. 18 203 272
Nós imeachta os comhair EUIPO: Nós imeachta cealúcháin
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 11 Márta 2024 i gCás R 1856/2023-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta,
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO na costais a íoc, lena n-áirítear costais na n-imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 59(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 59(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________