Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Raad van State (an Ísiltír) a taisceadh an 13 Nollaig 2023 – A. M. v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

(Cás C-767/23, Remling 1 )

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Raad van State

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: A.M.

Cosantóir: Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil an tríú mír d’Airteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, arna léamh in éineacht leis an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, le léiriú sa chaoi go gcuirtear bac leis ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht dá bhforáiltear in Airteagal 91(2) de Vreemdelingenwet 2000 (an Dlí maidir le Náisiúnaigh Eachtrannacha), lena bhforáiltear go bhféadfaidh an Afdeling bestuursrechtpraak van de Raad van State (Rannán Riaracháin na Comhairle Stáit, an Ísiltír), mar chúirt nó binse náisiúnta nach bhfuil aon leigheas breithiúnach ann in aghaidh a cinntí nó a chinntí, ceist a ardaítear maidir le léiriú dhlí an Aontais a réiteach, b’fhéidir i gcomhar le hiarraidh shainráite ar réamhrialú, le ráiteas giorraithe ar chúiseanna, gan cúiseanna a thabhairt maidir le cé acu de na trí eisceacht a bhfuil feidhm acu maidir leis an oibleagáid tarchur chun réamhrialú a dhéanamh?

____________

1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.