Iarraidh ar réamhrialú ón Högsta förvaltningsdomstolen (an tSualainn) a taisceadh an 15 Feabhra 2024 – AA v Allmänna ombudet hos Tullverket
(Cás C-125/24 1 , Palmstråle)
Teanga an cháis: An tSualainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Högsta förvaltningsdomstolen
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: AA
Cosantóir: Allmänna ombudet hos Tullverket
An cheist a tharchuirtear:
An gcaithfear Airteagal 143(1)(e) den Treoir maidir le CBL 1 agus Airteagal 86(6) agus Airteagal 203 de Chód Custaim an Aontais 2 a léiriú sa chaoi gur gá na coinníollacha substainteacha agus nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 203 araon a chomhlíonadh sula ndeonófar faoiseamh ó dhleacht ar allmhairí – agus dá réir sin, díolúine ó CBL – ag uair an athallmhairithe nuair a tabhaíodh fiach custaim faoi Airteagal 79 de Chód Custaim an Aontais i gcás nár comhlíonadh an oibleagáid earraí a thíolacadh a leagtar síos in Airteagal 139(1) de Chód Custaim an Aontais?
____________
1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
1 Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. l).
1 Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO 2013 L 269, lch. 1).