Language of document :

Caingean arna tabhairt an 11 March 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na hIodáile

(Cás C-197/22)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (Ionadaithe: G. Gattinara agus E. Sanfrutos Cano, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na hIodáile

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt:

1)    a rialú, de bharr gur mhainnigh Poblacht na hIodáile bearta a glacadh a bheadh oiriúnach chun na luachanna a áirithiú a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO 1998 L 330, lch. 32)

maidir leis an leibhéal tiúchana arsanaice sa Comune di Bagnoregio (an Iodáil) ó 2018 ar aghaidh, sa Comune di Civitella d’Agliano (an Iodáil) sa chéad leath de 2018, sa dara leath de 2019 agus ó 2020 ar aghaidh gan an dara leath de 2021 san áireamh, sa Comune di Fabrica di Roma (an Iodáil) in 2013 agus ansin ó 2015 ar aghaidh, sa Comune di Farnese (an Iodáil) in 2013 agus ansin ó 2018 ar aghaidh, sa the Comune di Ronciglione (an Iodáil) in 2013, sa chéad leath de 2018, sa chéad leath de 2019 agus ó 2020 ar aghaidh, agus sa Comune di Tuscania (an Iodáil) ó 2018 ar aghaidh gan an chéad leath de 2019 san áireamh; agus

maidir leis an leibhéal tiúchana fluairíde sa Comune di Bagnoregio ó 2018 go dtí an chéad leath de 2019 agus sa Comune di Fabrica di Roma in 2018, sa chéad leath de 2019 agus sa dara leath de 2021,

nár chomhlíon Poblacht na hIodáile a hoibleagáidí faoi Airteagal 4(1) de Threoir 98/83/CE in éineacht le Cuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gcéanna;

2)    agus, de bharr nár ghlac sí ag tráth níos luaithe na bearta is gá chun cáilíocht an uisce a athbhunú sa Comune di Bagnoregio, sa Comune di Civitella d’Agliano, sa Comune di Fabrica di Roma, sa Comune di Farnese, sa Comune di Ronciglione agus sa Comune di Tuscania maidir leis an leibhéal tiúchana arsanaice, agus sa Comune di Bagnoregio agus sa Comune di Fabrica di Roma maidir leis an leibhéal tiúchana fluairíde, gur mhainnigh Poblacht na hIodáile a hoibleagáid cheangailteach faoi Airteagal 8(2) de Threoir 98/83/CE;

3)    a ordú do Phoblacht na hIodáile na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Ina chéad saincheist dlí ina chaingean, maíonn an Coimisiún, de bharr gur mhainnigh Poblacht na hIodáile na luachanna a áirithiú a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir i ndáil le harsanaic agus fluairíd, mhainnigh sí a hoibleagáid a chomhlíonadh faoi Airteagal 4(1) de Threoir 98/83/CE in éineacht le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gcéanna. Go sonrach, baineann an sárú maidir le leibhéal tiúchana arsanaice leis an Comune di Bagnoregio ó 2018 ar aghaidh, an Comune di Civitella d’Agliano sa chéad leath de 2018, sa dara leath de 2019 agus ó 2020 ar aghaidh gan an dara leath de 2021 san áireamh, an Comune di Fabrica di Roma in 2013 agus ó 2015 ar aghaidh, an Comune di Farnese in 2013 agus ansin ó 2018 ar aghaidh, an Comune di Ronciglione in 2013, sa chéad leath de 2018, sa chéad leath de 2019 agus ó 2020 ar aghaidh, agus an Comune di Tuscania ó 2018 go dtí an lá inniu gan an chéad leath de 2019 san áireamh. Leanann na sáruithe sin inniu. Maidir leis na leibhéil tiúchana fluairíde, baineann an sárú ar an oibleagáid faoi Airteagal 4(1) agus Iarscríbhinn I leis an Comune di Bagnoregio ó 2018 go dtí an chéad leath de 2019 agus an Comune di Fabrica di Roma in 2018, sa chéad leath de 2019 agus sa dara leath de 2021.

Ina dhara saincheist dlí, áitíonn an Coimisiún, de bharr gur mhainnigh Poblacht na hIodáile na bearta is gá a ghlacadh ag tráth níos luaithe chun cáilíocht an uisce a athbhunú sa Comune di Bagnoregio, sa Comune di Civitella d’Agliano, sa Comune di Fabrica di Roma, sa Comune di Farnese, sa Comune di Ronciglione agus sa Comune di Tuscania maidir leis an leibhéal tiúchana arsanaice agus sa Comune di Bagnoregio agus sa Comune di Fabrica di Roma maidir leis an leibhéal tiúchana fluairíde, mhainnigh sí a hoibleagáid faoi Airteagal 8(2) den Treoir a chomhlíonadh.

____________