Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof (an Ostair) arna tasiceadh an 17 Lúnasa 2023 - VariusSystems digital solutions GmbH v GR Inhaberin B & G

(Cás C-526/23, VariusSystems)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberster Gerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: VariusSystems digital solutions GmbH

Cosantóir: GR Inhaberin B & G

An cheist a tharchuirtear:

An gcaithfear Airteagal(7)(1)(b) de Rialachán Uimh. 1215/2012/AE 1 a léiriú amhail, i gcás ina n-eascróidh imeachtaí sibhialta as conradh, go bhfuil an t-ionad feidhmíochta maidir le forbairt agus oibriú leanúnach bogearraí atá oiriúnaithe do riachtanais aonair custaiméara atá bunaithe i mBallstát A (anseo: an Ghearmáin) ag an suíomh sin

a)    ar a soláthraíonn an chuideachta atá bunaithe i mBallstát B (anseo: an Ostair) an cruthú intleachtúil atá taobh thiar de na bogearraí (“ríomhchlárú”)

b)    ar a sroicheann na bogearraí an custaiméir, i.e. rochtain ar agus úsáid na mbogearraí?

____________

1     Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (Athmhúnlú) (IO 2012 L 351, lch. 1).