Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Rejonowy we Włocławku (an Pholainn) a taisceadh an 17 Lúnasa 2023 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne K.P

(Cás C530/23, Baralo )1

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Rejonowy we Włocławku (an Pholainn)

Páirtí sna príomhimeachtaí

K.P

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagail 2(1)(b), 4(5) agus 9, i gcomhar le aithrisí 18, 19, 24 agus 27, de Threoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cúnamh dlí do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus do dhaoine cúisithe in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach , i gcomhar le hAirteagal 3(2)(a) agus  (c) agus le hAirteagal 3(3)(a) de Threoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an gceart rochtana ar dhlíodóir in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí a bhaineann le barántas gabhála Eorpach, agus maidir leis an gceart tríú páirtí a chur ar an eolas ar chailleadh saoirse agus cumarsáid a dhéanamh le tríú páirtithe agus le húdaráis chonsalacha nuair a chailltear an tsaoirse,  arna léiriú i bhfianaise Ranna 6, 7, 11 agus 13 den Mholadh ón gCoimisiún an 27 Samhain 2013 maidir le coimircí nós imeachta do dhaoine leochaileacha a bhfuil amhras fúthu nó a cúisíodh in imeachtaí coiriúla,  a léiriú sa chaoi go dtugtar isteach riail leo atá éifeachtach agus éigeantach go díreach a fhágann nach féidir gníomh a dhéanamh a bhaineann le duine leochaileach a cheistiú gan abhcóide cosanta a bheith rannpháirteach i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha fíorasacha maidir le cúnamh dlíthiúil a dheonú, más rud é, ag an am céanna, nach ndeonaíonn an t-údarás atá i mbun imeachtaí réamhthrialach cúnamh dlíthiúil (lena n-áirítear cúnamh dlíthiúil éigeandála nó sealadach) gan moill mhíchuí agus sula ndéanfaidh na póilíní, údarás forfheidhmithe dlí eile nó údarás breithiúnach an duine [duine leochaileach in concreto] a cheistiú, nó sula mbeidh gníomhartha imscrúdaitheacha nó bailithe fianaise sonracha déanta?1

An gcaithfear Airteagal 2(1)(b), Airteagal 4(5) agus Airteagal 9, i gcomhar le haithrisí 18, 19, 24 agus 27, de Threoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cúnamh dlí do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus do dhaoine cúisithe in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, i gcomhar le hAirteagal 1(2) de Threoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an gceart chun rochtana ar dhlíodóir in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí a bhaineann le barántas gabhála Eorpach, agus maidir leis an gceart tríú páirtí a chur ar an eolas maidir le cailleadh saoirse agus cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalachta nuair a chailltear an tsaoirse, a léirítear i bhfianaise Ranna 6, 7, 11 agus 13 den Mholadh ón gCoimisiún an 27 Samhain 2013 maidir le coimircí nós imeachta do dhaoine leochaileacha a bhfuil amhras fúthu nó a cúisíodh in imeachtaí coiriúla, d’ainneoin na gcoinníollacha fíorasacha chun sainaithint a dhéanamh láithreach, a léiriú go gciallaíonn mainneachtain leochaileacht fhéideartha a shainaithint nó duine a aithint chomh leochaileach agus nach féidir leo agóid a dhéanamh i gcoinne mheasúnú a leochaileachta agus cúnamh dlíthiúil a dheonú do dhuine den sórt sin gan moill mhíchuí, nach bhfuil incheadaithe i gcás ar bith i gcásanna a bhaineann le cionta is inphionóis le srian ar shaoirse agus ní mór imthosca inar mainníodh abhcóide cosanta poiblí a shainaithint agus a sholáthar a lua go sainráite sa chinneadh, ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne i bprionsabal, chun dul ar aghaidh le ceistiú in éagmais dlíodóir?

3.An gcaithfear Airteagal 2(1)(b), Airteagal 4(5) agus Airteagal 9, i gcomhar le haithrisí  18, 19, 24 agus 27, de Threoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cúnamh dlí do dhaoine atá faoi drochamhras agus do dhaoine cúisithe in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, i gcomhar le hAirteagal 1(2) de Threoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an gceart rochtana ar dhlíodóir in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí barántas gabhála Eorpach, agus maidir leis an gceart chun tríú páirtí a chur ar an eolas maidir le cailleadh saoirse agus chun cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalachta fad is atá saoirse á bhaint díobh, arna léiriú i bhfianaise Roinn 3, mír 7, den Mholadh ón gCoimisiún an 27 Samhain 2013 maidir le coimircí nós imeachta do dhaoine leochaileacha a bhfuil amhras fúthu nó atá cúisithe in imeachtaí coiriúla, a léiriú sa chaoi nach mór mainneachtain Ballstáit toimhde leochaileachta a thabhairt isteach in imeachtaí coiriúla mar chosc ar dhuine faoi dhrochamhras tairbhiú den choimirce atá leagtha síos in Airteagal 9 de Threoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cúnamh dlíthiúil do dhaoine faoi dhrochamhras agus do dhaoine cúisithe in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí barántas gabhála Eorpach, arna léiriú i bhfianaise Roinn 11 den Mholadh ón gCoimisiún an 27 Samhain 2013 maidir le coimircí nós imeachta do dhaoine leochaileacha a bhfuil amhras fúthu nó a cúisíodh in imeachtaí coiriúla, agus dá bhrí sin go bhfuil d’oibleagáid ar na húdaráis a riarann an ceartas forálacha na treorach a chur i bhfeidhm go díreach i leithéid de chás?

4.Más freagra dearfach a thabharfar ar cheann amháin ar a laghad de Cheisteanna 1, 2 nó 3, is an gcaithfear na forálacha den dá threoir dá dtagraítear sna ceisteanna a léiriú mar chosc ar fhorálacha den dlí náisiúnta amhail:

(a)an dara habairt d’Airteagal 301 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil, faoina bhfuil duine faoi dhrochamhras le ceistiú le rannpháirtíocht an abhcóide cosanta ceaptha amháin arna iarraidh sin dó agus nach bhfuil bac ar cheistiú an duine atá faoi dhrochamhras mar gheall ar mhainneachtain an abhcóide cosanta a bheith i láthair chun an duine atá faoi dhrochamhras a cheistiú;

(b)Airteagal 79(1)(3) agus (4) den Chód um Nós Imeachta Coiriúil, faoina gcaithfidh duine cúisithe (duine faoi dhrochamhras) abhcóide cosanta a bheith aige in imeachtaí coiriúla má tá amhras réasúnach ann i dtaobh an raibh a chumas brí an chiona a aithint nó a iompar a rialú, tráth déanta an chiona, díchumasaithe nó srianta go suntasach agus má tá amhras réasúnach ann i dtaobh an ligeann staid a shláinte mheabhrach dó páirt a ghlacadh sna himeachtaí nó an chosaint a sheoladh ar bhealach neamhspleách agus réasúnach?

5.An gceanglaítear le hAirteagal 3(2)(a), i gcomhar le hAirteagal 3(3)(b), de Threoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cúnamh dlí do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus daoine cúisithe in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, i gcomhar le prionsabal thosaíocht agus éifeacht dhíreach na dtreoracha, ar na húdaráis a bhfuil imeachtaí réamhthrialach á seoladh acu, ar na cúirteanna agus ar aon údarás Stáit neamhaird a thabhairt ar fhorálacha an dlí náisiúnta atá ar neamhréir leis an treoir, amhail na forálacha sin a liostaítear i gCeist 4, agus, dá bhrí sin, mar gheall ar dhul in éag na tréimhse cur chun feidhme - rialacha na treorach atá éifeachtach go díreach a chur in ionad na rialach náisiúnta thuasluaite?

6.Ní mór Airteagal 2(1)(b), Airteagal 4(5) agus Airteagal 9, i gcomhar le haithrisí 19, 24 agus 27, de Threoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cúnamh dlí do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus daoine cúisithe in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, a léiriú sa chaoi is go gciallaíonn siad, in éagmais cinnidh cúnamh dlíthiúil a dheonú, nó i gcás mainneachtain cúnamh dlíthiúil a dheonú, do dhuine leochaileach nó do dhuine a mheastar a bheith leochaileach faoi Roinn 3, mír 7, den Mholadh ón gCoimisiún an 27 Samhain 2013 maidir le coimircí nós imeachta do dhaoine leochaileacha a bhfuil amhras futhú nó a cúisíodh in imeachtaí coiriúla (2013/C 378/02), agus ina dhiaidh sin mar gheall ar ghníomhartha imscrúdaitheacha a bheith á ndéanamh ag póilíní nó ag údarás forfheidhmithe dlí eile, lena n-áirítear gníomhartha nach féidir a athdhéanamh os comhair na Cúirte, ag an gcúirt náisiúnta a éisteann an cás in imeachtaí coiriúla, agus ag aon údarás eile Stáit a riarann an ceartas (agus dá bhrí sin ag údarás a bhfuil imeachtaí réamhthrialach ar siúl aige), tá sé d’oibleagáid orthu neamhaird a thabhairt ar fhorálacha an dlí náisiúnta atá ar neamhréir leis an treoir, amhail na forálacha sin dá dtagraítear i gCeist 4, agus dá bhrí sin – mar gheall ar dhul in éag na tréimhse cur chun feidhme – rialacha na treorach atá éifeachtach go díreach a chur in ionad na rialach náisiúnta thuasluaite, fiú i gcás inar cheap an duine sin abhcóide cosanta dá rogha féin tar éis don imscrúdú (nó don ionchúiseamh) a bheith curtha i gcrích agus tar éis don ionchúisitheoir poiblí díotáil a thabhairt os comhair na Cúirte?

7.An gcaithfear Airteagal 2(1)(b), Airteagal 4(5) agus Airteagal 9, i gcomhar le haithrisí 19, 24 agus 27 de Threoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cúnamh dlí do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus daoine cúisithe in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, i gcomhar le hAirteagal 1(2) de Threoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an gceart rochtana ar dhlíodóir in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, agus maidir leis an gceart chun tríú páirtí a chur ar an eolas maidir le cailleadh saoirse agus cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalacha nuair a chailltear an tsaoirse, arna léiriú i bhfianaise Ranna 6, 7, 11 agus 13 den Mholadh ón gCoimisiún an 27 Samhain 2013 maidir le coimircí nós imeachta do dhaoine leochaileacha a bhfuil amhras futhú nó a cúisíodh in imeachtaí coiriúla, a léiriú mar cheart go bhfuil sé d’oibleagáid ar Bhallstát a áirithiú go ndéanfar leochaileacht duine atá faoi dhrochamhras a shainaithint agus a aithint láithreach, agus go dtugtar cúnamh dlíthiúil do dhaoine atá faoi dhrochamhras nó do dhaoine atá cúisithe in imeachtaí coiriúla a mheastar a bheith ina ndaoine leochaileacha, agus go bhfuil an cúnamh sin éigeantach fiú i gcás nach n-iarrann an t-údarás inniúil ar shaineolaí neamhspleách scrúdú a dhéanamh ar mhéid na leochaileachta, ar riachtanais an duine leochaileach agus ar oiriúnacht aon bheart a rinneadh nó atá beartaithe i gcoinne an duine leochaileach go dtí go mbeidh scrúdú na saineolaithe neamhspleácha curtha i gcrích mar is ceart?

8.Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 7, an bhfuil na forálacha thuasluaite den treoir agus an moladh ón gCoimisiún le léiriú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta amhail Airteagal 79(1)(3) agus (4) den Chód um Nós Imeachta Coiriúil, faoina gcaithfidh duine cúisithe abhcóide cosanta a bheith aige in imeachtaí coiriúla ach amháin má tá amhras réasúnach ann i dtaobh cé acu an raibh nó nach raibh a chumas tábhacht an chiona a aithint nó a iompar a rialú, tráth déanta an chiona, díchumasaithe nó srianta suntasacha agus má tá amhras réasúnach ann i dtaobh an gceadaíonn staid a mheabhairshláinte dó páirt a ghlacadh sna himeachtaí nó an chosaint a sheoladh ar bhealach neamhspleách agus réasúnach?

9.An gcaithfear Airteagal 2(1)(b), Airteagal 4(5) agus Airteagal 9, i gcomhar le haithrisí 19, 24 agus 27 de Threoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cúnamh dlí do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus daoine cúisithe in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, i gcomhar le hAirteagal 1(2) de Threoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an gceart rochtana ar dhlíodóir in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, agus maidir leis an gceart chun tríú páirtí a chur ar an eolas maidir le cailleadhsaoirse agus cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalachta nuair a chailltear an tsaoirse, arna léiriú i bhfianaise Ranna 6, 7, 11 agus 13 den Mholadh ón gCoimisiún an 27 Samhain 2013 maidir le coimircí nós imeachta do dhaoine leochaileacha a bhfuil amhras futhú nó a cúisíodh in imeachtaí coiriúla, a léiriú mar cheart do na húdaráis inniúla (oifig an ionchúisitheora phoiblí, póilíní), ar a dhéanaí, sula ndéanfaidh na póilíní nó údarás inniúil eile amhras a cheistiú, leochaileacht an duine atá faoi dhrochamhras a shainaithint agus a aithint láithreach in imeachtaí coiriúla agus a áirithiú go ndeonaítear cúnamh dlí nó cabhair éigeandála (sealadach) dó agus maolú ó cheistiú an duine atá faoi dhrochamhras go dtí go mbunófar cúnamh dlí nó éigeandáil nó go ndeonófar cabhair éigeandála (sealadach) don duine sin?

10.Más freagra dearfach a thabharfar ar cheist 9, an gcaithfear Airteagal 2(1)(b), Airteagal 4(5) agus Airteagal 9, i gcomhar le haithrisí 19, 24 agus 27 de Threoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cúnamh dlí do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus daoine cúisithe in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, i gcomhar le hAirteagal 1(2) de Threoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an gceart rochtana ar dhlíodóir in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, agus maidir leis an gceart chun tríú páirtí a chur ar an eolas maidir le cailleadh saoirse agus chun cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalacha nuair a chailltear an tsaoirse, a léiritear i bhfianaise Ranna 6, 7, 11 agus 13 den Mholadh ón gCoimisiún an 27 Samhain 2013 maidir le coimircí nós imeachta do dhaoine leochaileacha a bhfuil amhras fúthu nó a cúisíodh in imeachtaí coiriúla, a léiriú mar cheart oibleagáid a chur ar na Ballstáit na cúiseanna agus na critéir a leagan amach go soiléir ina ndlí náisiúnta maidir le haon mhaolú ar shainaithint agus aitheantas láithreach leochaileacht duine atá faoi dhrochamhras in imeachtaí coiriúla agus chun a áirithiú go ndeonófar cúnamh dlíthiúil nó cúnamh éigeandála (sealadach) dó, agus ba cheart aon mhaoluithe a bheith comhréireach, teoranta ó thaobh ama de agus gan prionsabal na trialach córa a shárú, agus ba cheart iad a bheith i bhfoirm cinneadh nós imeachta lena n-údaraítear maolú sealadach, ar cheart, i bprionsabal, an ceart a bheith ag an bpáirtí athbhreithniú breithiúnach a iarraidh ina choinne?

11.An gcaithfear an dara mír d’Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha, i gcomhar le hAirteagail 3(2)(a) agus 3(3)(b) de Threoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an gceart dlíodóir a rochtain in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí maidir le barántas gabhála Eorpach, agus maidir leis an gceart chun tríú páirtí a chur ar an eolas nuair a chailltear an tsaoirse agus cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalachta nuair a chailltear an tsaoirse, i gcomhar le hAirteagal 1(2) agus aithris 27, agus i gcomhar le hAirteagal 8 de Threoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cúnamh dlí do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus daoine cúisithe in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé i gcás nach ndeonaíonn an t-údarás breithiúnach cúnamh dlíthiúil agus go sonraítear na cúiseanna le cinneadh a dhéanamh gan cúnamh dlíthiúil a dheonú do dhuine a mheastar a bheith leochaileach (i gcomhréir le Moltaí 7 agus 11 den Mholadh ón gCoimisiún an 27 Samhain 2013 maidir le coimircí nós imeachta do dhaoine leochaileacha a bhfuil amhras futhú nó a cúisíodh in imeachtaí coiriúla), go bhfuil ceart chun leighis éifeachtaigh ag duine den sórt sin, ar an tuiscint go bhfuil institúid dlí nós imeachta náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 344a den Chód um Nós Imeachta Coiriúil, lena gceanglaítear an cás a tharchur ar ais chuig an ionchúisitheoir poiblí chun na gcríoch seo a leanas:

(a) an t-údarás a sheolann imeachtaí réamhthrialach lena sainaithnítear agus lena n-aithnítear leochaileacht an duine atá faoi dhrochamhras in imeachtaí coiriúla;

(b) a chumasú don duine atá faoi dhrochamhras dul i gcomhairle lena abhcóide cosanta sula ndéanfaidh sé an cheistiú;

(c) an duine atá faoi dhrochamhras a cheistiú i láthair abhcóide cosanta le taifeadadh closamhairc ar an gceistiú féin; agus

(d) chun a chumasú don abhcóide cosanta eolas a chur ar an gcáschomhad agus aon iarrataí ar fhianaise ón duine leochaileach agus ó dhlíodóir arna cheapadh go hoifigiúil nó ó dhlíodóir arna cheapadh ag an duine atá faoi dhrochamhras a chur isteach?

12.An gcaithfear Airteagal 4 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, i gcomhar le hAirteagal 6(1) agus (2) CAE, agus le hAirteagal 6(3) CAE, i gcomhar le hAirteagal 3 den Choinbhinsiún chun cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chosaint, arna dhéanamh sa Róimh an 4 Samhain 1950, arna leasú ina dhiaidh sin le Prótacail Uimh. 3, 5 agus 8 agus arna fhorlíonadh le Prótacal Uimh. 2, i gcomhar le toimhde leochaileachta faoi Mholadh 7 den Mholadh ón gCoimisiún an 27 Samhain 2013 maidir le coimircí nós imeachta do dhaoine leochaileacha a bhfuil amhras futhú nó a cúisíodh in imeachtaí coiriúla, a léiriú sa chaoi go gciallaíonn gurb ionann amhras a cheistiú ag oifigeach póilíneachta nó ag duine eile atá údaraithe chun gníomh imscrúdaithe a dhéanamh faoi dhálaí ospidéil shíciatraigh gan aird a thabhairt ar staid éiginnteachta agus faoi choinníollacha a bhaineann le saoirse an-teoranta chun tuairimí an stáit agus leochaileacht mheabhrach shonrach, agus in éagmais dlíodóra, a bheith ina chóireáil mhídhaonna agus, dá bhrí sin, dícháilítear go hiomlán gníomh nós imeachta den sórt sin lena gceistítear mar ghníomh atá contrártha do chearta bunúsacha an Aontais Eorpaigh?

13.Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 12, an gcaithfear na forálacha dá dtagraítear i gCeist 12 a léiriú mar fhorálacha a thugann cumhacht (nó oibleagáid) cúirt náisiúnta a éistfidh cás in imeachtaí coiriúla – a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/1919 de ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cúnamh dlí do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus daoine cúisithe in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, i gcomhar le Moladh 7 den Mholadh ón gCoimisiún an 27 Samhain 2013 maidir le coimircí nós imeachta do dhaoine leochaileacha a bhfuil amhras futhú nó a cúisíodh in imeachtaí coiriúla agus raon feidhme Threoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an gceart rochtana ar dhlíodóir in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, agus leis an ceart chun tríú páirtí a chur ar an eolas maidir le cailleadh saoirse agus cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalachta fad a bhíonn an tsaoirse á bhaint de – agus freisin le haon údaráis choiriúla eile a dhéanann gníomhartha nós imeachta sa chás, neamhaird a dhéanamh ar fhorálacha an dlí náisiúnta nach bhfuil ag luí leis an treoir, lena n-áirítear go háirithe Airteagal 168a den Chód um Nós Imeachta Coiriúil, agus dá bhrí sin – mar gheall ar dhul in éag don tréimhse cur chun feidhme – rialacha na treorach atá éifeachtach go díreach a chur in ionad na rialach náisiúnta thuasluaite, fiú amháin i gcás ina dhiaidh sin an t-imscrúdú (nó an t-ionchúiseamh) tugtha chun críche agus an t-ionchúisitheoir poiblí tar éis díotáil a thabhairt os comhair na Cúirte, abhcóide cosanta dá rogha féin ceaptha?

14.An gcaithfear Airteagal 2(1)(b), Airteagal 4(5) agus Airteagal 9, i gcomhar le haithrisí 19, 24 agus 27 de Threoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cúnamh dlí do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus daoine cúisithe in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, i gcomhar le hAirteagail 3(2)(a), (b) agus (c), agus 3(3)(b) de Threoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an gceart rochtana ar dhlíodóir in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, agus leis an gceart chun tríú páirtí a chur ar an eolas maidir le cailleadh saoirse agus chun cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalacha nuair a bhaintear an tsaoirse díobh, i gcomhar leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus le prionsabal na héifeachtachta i ndlí an Aontais Eorpaigh, a léiriú sa chaoi go bhfuil sé d’oibleagáid ar an ionchúisitheoir poiblí, agus é ag gníomhú ag an gcéim réamhthrialach in imeachtaí coiriúla, gníomhú i gcomhréir iomlán le ceanglais Threoir 2016/1919 a bhfuil éifeacht dhíreach acu agus, ar an gcaoi sin, a áirithiú go dtabharfar cosaint dlí éifeachtach do dhuine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe sna himeachtaí, ó cibé ceann de na pointí ama seo a leanas is luaithe:

(a)sula ndéanann na póilíní nó údarás eile faoi fhorfheidhmiú an dlí nó údarás breithiúnach eile iad a cheistiú;

(b)ar imscrúdú nó gníomh bailithe fianaise eile a bheith á dhéanamh ag údaráis imscrúdaithe nó ag údaráis inniúla eile i gcomhréir le pointe (c) de mhír 3;

(c)gan moill mhíchuí tar éis cailleadh saoirse (is é sin le rá fanacht in ospidéal síciatrach freisin) agus, más gá, go bhfuil sé d’oibleagáid ar an ionchúisitheoir poiblí neamhaird a thabhairt ar aon orduithe ó ionchúisitheoirí uachtaracha más deimhin leis go ndéanfaí dochar do chosaint éifeachtach amhrasta a mheastar a bheith leochaileach dá ndéanfaí iad a chomhlíonadh, lena n-áirítear ceart an duine sin chun triail chóir a fháil nó aon cheart eile a thugtar dó le Treoir 2016/1919, i gcomhar le Treoir 2013/48/AE?

15.Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 14, an gcaithfear an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE lena leagtar síos prionsabal na cosanta dlíthiúla éifeachtaí, i gcomhar le hAirteagal 2 CAE, i gcomhar le prionsabal na hurraime don smacht reachta, mar a léirítear é i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais (féach breithiúnas an 27 Bealtaine 2019 i gCás C-508/18), agus prionsabal an neamhspleáchais bhreithiúnaigh a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus in Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha, mar a léirítear é i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais (féach breithiúnas an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juises Portugueses, C-64/16, EU:C:2018:117) a léiriú sa chaoi go gciallaíonn na prionsabail sin, i bhfianaise na féidearthachta go n-eiseoidh an tIonchúisitheoir Poiblí nó ionchúisitheoirí poiblí ar chéim níos airde treoracha ceangailteacha d’ionchúisitheoirí ar leibhéal níos ísle a chuireann oibleagáid ar ionchúisitheoirí ar chéim níos ísle neamhaird a dhéanamh ar rialacha an Aontais Eorpaigh atá éifeachtach go díreach nó bac a chur ar a gcur i bhfeidhm, go gcuireann siad bac ar reachtaíocht náisiúnta ina luaitear go bhfuil oifig an ionchúisitheora ag brath go díreach ar údarás feidhmiúcháin, is é sin le rá an tAire Dlí agus Cirt, agus freisin go gcoisctear leo rialacha náisiúnta a bheith ann lena gcuirtear teorainn le neamhspleáchas an ionchúisitheora phoiblí agus dlí an Aontais á chur i bhfeidhm, go háirithe:

a) Airteagail 1(2), 3(1)(1) agus (3), 7(1) go (6) agus (8), agus 13(1) agus (2) den Ustawa z dnia 28 stycznia 2016 roku Prawo o prokuraturze (Dlí an 28 Eanáir 2016 maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí), ina luaitear go bhfuil sé de cheart ag an Aire Dlí agus Cirt, arb é an tArd-Ionchúisitheoir Poiblí é freisin agus an t-údarás is airde in oifig an ionchúisitheora phoiblí, treoracha a eisiúint atá ina gceangal ar ionchúisitheoirí poiblí ar chéim níos ísle freisin a mhéid a chuireann siad srian nó bac ar chur i bhfeidhm díreach dhlí an Aontais Eorpaigh?

____________

1 Is ainm bréagach é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’ainm iarbhír aon pháirtí sna himeachtaí.

1 IO 2017 L 91, lch. 40.

1 IO 2013 L 294, lch. 1.

1 IO 2013 C 378, lch. 8.