Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Wiesbaden (an Ghearmáin) arna taisceadh an 1 Feabhra 2022 – UZ v Bundesrepublik Deutschland

(Cás C-60/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgericht Wiesbaden

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: UZ

Cosantóir: Bundesrepublik Deutschland

Na ceisteanna a tharchuirtear

I gcás ina mainníonn rialaitheoir a oibleagáid chuntasachta a chomhlíonadh nó a chomhlíonadh go hiomlán faoi Airteagal 5 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 1 , mar shampla de bharr easpa taifid ar ghníomhaíochtaí próiseála i gcomhréir le hAirteagal 30 de RGCS nó easpa taifid iomlán den sórt sin nó easpa comhshocraithe le haghaidh nós imeachta coiteann i gcomhréir le hAirteagal 26 de RGCS, an bhfuil sé mar iarmhairt air sin go bhfuil an phróiseáil sonraí atá i gceist mídhleathach de réir bhrí Airteagal 17(1)(d) de RGCS agus Airteagal 18(1)(b) de RGCS, sa chaoi go bhfuil ceart ag an ábhar sonraí chun léirscriosadh nó srianadh?

Má thugtar freagra dearfach ar Cheist 1, an bhfuil sé mar iarmhairt ar an gceart chun léirscriosadh nó chun srianadh go gcaithfear gan na sonraí a próiseáladh a chur san áireamh in imeachtaí breithiúnacha? An amhlaidh atá in aon chás ina ndéanann an t-ábhar sonraí agóid i gcoinne úsáid na sonraí in imeachtaí breithiúnacha?

Má thugtar freagra diúltach ar Cheist 1, an bhfuil sé mar iarmhairt ar shárú arna dhéanamh ag rialaitheoir ar Airteagail 5, 30 nó 26 de RGCS, i dtaca leis an gceist maidir le húsáid na sonraí próiseáilte in imeachtaí breithiúnacha, go bhféadfadh cúirt náisiúnta na sonraí a chur san áireamh má thoilíonn an t-ábhar sonraí don úsáid sin go sainráite, agus sa chás sin amháin?

____________

1 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1, ceartúcháin IO 2018 L 127, lch. 3 agus IO 2021 L 74 lch. 35).