Language of document :

Caingean arna tabhairt an 24 Bealtaine 2023 — Fridman v an Chomhairle

(Cás T-296/23)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Mikhail Fridman (Londain, an Ríocht-Aontaithe) (ionadaithe: T. Marembert agus A. Bass, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2023/5721 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/5711 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir;

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an ngníomhaíocht, maíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí atá comhionann nó cosúil leo siúd atá á maíomh i gCás T-283/23, Aven v an Chomhairle.

____________

1 (IO 2023 L 75 I, lch. 134).

1 (JO 2023 L 75 I, p. 1).