Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Aibreán 2024 – Escobar v EUIPO (Pablo Escobar)

(Cás T-255/23) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Pablo Escobar’ – Dearbhfhoras le diúltú – Trádmharc contrártha leis an ord poiblí agus an dea-mhoráltacht – Airteagal 7(1)(f) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Toimhde na neamhchiontachta)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Escobar Inc. (Guaynabo, Pórtó Ríce, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: D. Slopek, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: T. Klee, Gníomhaire)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’ Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 21 Feabhra 2023 (cás R 1364/2022-5) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.    Diúltaítear don chaingean.

2.    Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.

____________

1     IO C 252, 17.7.2023.