Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo (an Phortaingéal) a taisceadh an 19 Eanáir 2022 — Global, Companhia de Seguros SA v Autoridade Tributária e Aduaneira

(Cás C-42/22)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Supremo Tribunal Administrativo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Global, Companhia de Seguros SA

Cosantóir: Autoridade Tributária e Aduaneira

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An bhféadfar Airteagal 13, cuid B(a) den Séú Treoir CBL1 agus dá réir, an tAirteagal reatha 135, mír 1(a), den Treoir CBL, a léirmhíniú sa bhrí go n-áirítear sa choincheap “idirbhearta árachais agus athárachais”, chun críocha díolúine ó CBL, na gníomhaíochtaí gaolmhara nó comhlántacha amhail fáil agus díol comhpháirteanna feithiclí damáistithe?

An bhféadfar Airteagal 13, cuid B(c) den Séú Treoir CBL, agus dá réir, Airteagal 136(a) den Treoir CBL1 dá éis, a léirmhíniú sa bhrí go measfar fáil agus díol comhpháirteanna feithiclí damáistithe a bheith sannta go heisiach d’eintiteas díolmhaithe, i gcás nach raibh ceart chun CBL a asbhaint ag gabháil leis na hearraí sin?

C.    An bhfuil sé contrártha le prionsabal neodrachta CBL mura bhfuil díol comhpháirteanna feithiclí damáistithe ag cuideachtaí árachais á dhíolmhú ó CBL, i gcás nárbh ann d’aon cheart chun CBL a asbhaint?

____________

1 Treoir 77/388/CEE ón gComhairle an 17 Bealtaine, 1977, an Séú Treoir maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cánacha ar láimhdeachas — Comhchóras cánach breisluacha: bonn aonfhoirmeach cánach (IO 1977, L 145, lch. 1; EE 09/01, lch. 54).

1 Treoir 2006/112/CE ón gComhairle, an 28 Samhain, 2006, maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (DO 2006, L 347, lch. 1).