Language of document :

Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Korkein oikeus – an Fhionlainn) – C, CD v Syyttäjä

(Cás C-804/21 PPU)1

(Tarchur chun réamhrialú – Nós imeachta práinne um réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Barántas gabhála Eorpach – Cinneadh réime 2002/584/CGB – Airteagal 23(3) – Ceanglas maidir le hidirghabháil ón údarás breithiúnach forghníomhaitheach – Airteagal 6(2) – Seirbhísí póilíneachta – Eisiamh – Force majeure – Coincheap – Baic dlí ar thabhairt suas – Caingne dlí arna dtionscnamh ag an duine a bhfuiltear sa tóir air – Iarratas ar chosaint idirnáisiúnta – Eisiamh – Airteagal 23(5) – Dul in éag na dteorainneacha ama le haghaidh tabhairt suas – Iarmhairtí – Scaoileadh saor ó choinneáil – Oibleagáid aon bheart eile a ghlacadh is gá chun sceitheadh a sheachaint )

Teanga an cháis: an Fhionlainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Korkein oikeus

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: C, CD

Cosantóir: Syyttäjä

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 23(3) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mBarántas Gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit, arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009, a léirmhíniú sa chaoi nach leathnaítear an coincheap de force majeure do na baic dlíthiúla ar thabhairt suas, a eascraíonn as caingne dlí arna dtionscnamh ag an duine atá faoi réir an bharántais ghabhála Eorpaigh agus atá bunaithe ar dhlí an Bhallstáit fhorghníomhaithigh, i gcás ina bhfuil an cinneadh deiridh maidir le tabhairt suas glactha ag an údarás breithiúnach forghníomhaitheach i gcomhréir leis an gcéad mhír d'Airteagal 15 den Chinneadh Réime 2002/584/CGB.

Ní mór Airteagal 23(3) de Chinneadh Réime 2002/584, arna leasú le Cinneadh Réime 2009/29 a léirmhíniú sa chaoi nach bhfuil an ceanglas atá ar an údarás breithiúnach forghníomhaitheach chun idirghabháil a dhéanamh, dá dtagraítear san fhoráil sin, comhlíonta nuair a chuireann an Ballstát forghníomhaitheach de chúram ar sheirbhís póilíneachta a fhíorú go bhfuil cás force majeure ann agus go bhfuiltear ag comhlíonadh na gcoinníollacha is gá chun an duine atá faoi réir an bharántais ghabhála Eorpaigh a choinneáil níos faide agus cinneadh a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, ar dháta nua don tabhairt suas, fiú má tá an ceart ag an duine sin an t-ábhar a tharchur chuig an údarás breithiúnach forghníomhaitheach tráth ar bith le haghaidh rialú ar na nithe thuasluaite.

Ní mór Airteagal 23(5) de Chinneadh Réime 2002/584, arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299, a léirmhíniú sa chaoi a chiallaíonn go bhfuil na teorainneacha ama dá dtagraítear i míreanna 2 go 4 den Airteagal 23 sin imithe in éag, agus mar thoradh air sin is gá an duine sin a scaoileadh saor ó choinneáil, i gcás nár comhlíonadh an ceanglas maidir le hidirghabháil ón údarás breithiúnach forghníomhaitheach, dá dtagraítear in Airteagal 23.3 den Chinneadh Réime 2002/584.        

____________

1 IO C 95, 28.02.2022