Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Dioikitiko Protodikeio Thessalonikis (an Ghréig) a taisceadh an 30 Eanáir 2024 – WI v Anexartiti Archi Dimosion Esodon

(Cás C-73/24, Keladis II)1

Teanga an cháis: an Gréigis

An chúirt a rinne an tarchur

Dioikitiko Protodikeio Thessalonikis

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: WI

Cosantóir: Anexartiti Archi Dimosion Esodon

Na ceisteanna a a tharchuirtear:

Má tá amhras réasúnach cibé an é luach custaim dearbhaithe na n-earraí allmhairithe luach iarbhír an idirbhirt atá acu, ach nach féidir luach an idirbhirt a chinneadh le linn an rialaithe iarscaoilte ar bhonn na modhanna atá leagtha amach in Airteagal 30(2)(a) agus (b) de Rialachán (CE) Uimh. 2913/921 agus in Airteagal 74(2) de Rialachán (CE) Uimh. 952/2013, 2 (luach idirbhirt earraí atá comhionann nó comhchosúil) toisc, ar thaobh amháin, gur éalaigh na hearraí ó urghabháil agus nach féidir iad a sheiceáil go fisiciúil dá bhrí sin, agus go bhfuil an tuairisc orthu sna doiciméid tacaíochta a ghabhann leis an dearbhú allmhairiúcháin cineálach agus neamhbheacht, an bhfuil cleachtas riaracháin ag luí le forálacha Airteagal 30(2)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 2913/92 agus Airteagal 74(2)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 952/2013, faoina réir i gcomhthéacs an ‘modh dealaithe’ dá bhforáiltear leis na forálacha sin, úsáidtear ‘luachanna tairsí’ a shainmhínítear sa chóras Automated Monitoring Tool-AMT (Uirlis Faireacháin Uathoibrithe (AMT)) de Chlár Frith-Chalaoise an Aontais  (AFIS) arna ríomh trí mhodhanna staidrimh mar bhonn chun luach idirbhirt na n-earraí a chinneadh?

I gcás freagra diúltach ar an gcéad cheist, an ceadmhach na ‘luachanna tairsí’ thuas a úsáid i gcomhthéacs aon cheann de na modhanna eile a thuairiscítear in Airteagail 30 agus 31 de Rialachán (CE) Uimh. 2913/92 agus in Airteagail 74(1) go (3) de Rialachán (CE) Uimh. 952/2013, go háirithe i bhfianaise na solúbthachta réasúnaí nach mór idirdhealú a dhéanamh idir cur i bhfeidhm an ‘mhodha cúltaca’ faoi Airteagal 31 de Rialachán (CE) Uimh. 2913/92 agus Airteagal 74(3) de Rialachán (CE) Uimh. 952/2013, agus an chuid eile den toirmeasc sainráite ar an luach custaim a chinneadh ar bhonn íosluachanna custaim, a leagtar síos don ‘mhodh cúltaca’ céanna (Airteagal 31(2)(f) den Chód Custaim an Chomhphobail  agus Airteagal 144(2)(f) de Rialachán (CE) Uimh. 2015/2447)? 1

I gcás freagra diúltach ar an dá cheist, an gceadaítear le dlí an Aontais an CBL a seachnaíodh a ghearradh ar allmhaireoir a bhfaightear amach ina dhiaidh sin gur allmhairigh sé earraí (agus go córasach) ag a bhfuil praghsanna níos ísle ná na praghsanna a shainaithnítear mar íosphraghsanna atá inmharthana ó thaobh na tráchtála de, ar choinníoll nach féidir leis na húdaráis chustaim a chinneadh, le linn na seiceála iar-imréitigh, luach custaim na n-earraí allmhairithe trí aon cheann de na modhanna a thuairiscítear in Airteagail 30 agus 31 de Rialachán (CE) Uimh. 2913/92 agus in Airteagail 1(74) go (3) de Rialachán (CE) Uimh. 952/2013; nó an bhfuil sé incheadaithe, i gcás den sórt sin, mar rogha dheireanach, iad a ghearradh ar bhonn na n-íosluachanna inghlactha a chinntear ó thaobh staidrimh de, mar a glacadh leis cheana féin i gcás ina ngearrann an Coimisiún acmhainní dílse caillte i gcoinne Ballstáit nach ndearna seiceálacha custaim iomchuí (féach breithiúnas an 8 Márta 2022, an Coimisiún v an Ríocht Aontaithe, C-213/19, EU:C:2022:167)?

I gcás freagra dearfach ar an dara ceist nó ar an tríú ceist: an gá na híosphraghsanna arna gcinneadh ó thaobh staidrimh de a bheith in ionannas le hallmhairí a dhéantar ag an am céanna leis na hallmhairí rialaithe nó thart ar an am céanna leo agus, más amhlaidh atá, cad é an uastréimhse inghlactha ama a fhéadfaidh allmhairí a úsáidtear chun éifeacht staidrimh a dhíorthú ó na hallmhairí rialaithe staonadh (mar shampla, an féidir na 90 lá dá bhforáiltear in Airteagal 152(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 2454/931 agus in Airteagal 142(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2015/2447 a úsáid de réir analaí?

I gcás freagra dearfach ar aon cheann de na chéad trí cheist maidir le húsáid ‘luachanna tairsí’ chun luachanna idirbhirt earraí allmhairithe a chinneadh: i gcás ina nglactar an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 81 de Rialachán (CE) Uimh. 2913/92 agus in Airteagal 177 de Rialachán (CE) Uimh. 952/2013 maidir le  dréachtú dearbhuithe custaim a shimpliú tráth an allmhairithe trí chóid TARIC na n-earraí a ghrúpáil le chéile tráth a n-allmhairithe isteach, an bhfuil cleachtas riaracháin  faoina réir a ríomhtar luach custaim na n-earraí uile a allmhairítear le gach dearbhú allmhairiúcháin ar bhonn an ‘luacha tairsí’ arna chinneadh don táirge atá i gceist, ar cuireadh a chód TARIC isteach sa dearbhú allmhairiúcháin, toisc go measann an t-údarás custaim é féin a bheith faoi cheangal, i gcomhréir le hAirteagal 222(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 2015/2447, ag an ngrúpáil arna dhéanamh ag an allmhaireoir, comhsheasmhach leis an bprionsabal lena dtoirmisctear luachanna custaim treallach nó bréige a chinneadh? Nó an gcaithfear luach gach táirge a chinneadh ar bhonn a cheannteidil taraife féin fiú mura gcuirtear an cód in iúl sa dearbhú allmhairiúcháin, chun an riosca go ngearrfaí dleachtanna custaim treallacha a sheachaint?

____________

1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (IO1992 L 302, lch. 1)

1 Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO 2013 L 269, lch. 1)

1 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO 2015 L 343, lch. 558)

1 Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 lena leagtar síos forálacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (IO 1993 L 253, lch. 1)