Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – BNP Paribas v BRA
(Cás T-397/21)1
(Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – Aontas baincéireachta – Sásra réitigh aonair le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe (SRA) – Ciste réitigh aonair (CRA) – Cinneadh BRA maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante le haghaidh 2021 – Oibleagáid cúiseanna a lua – Prionsabal an dea-riaracháin – Prionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí – Pléadáil neamhdhleathachta – Éifeachtaí an bhreithiúnais a theorannú ó thaobh ama de)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: BNP Paribas (Páras, an Fhrainc) (ionadaithe: A. Gosset-Grainville agus M. Trabucchi, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (ionadaithe: J. Kerlin, C. De Falco agus C. Flynn, Gníomhairí, le cúnamh ó H.-G. Kamann, F. Louis, P. Gey agus V. Del Pozo Espinosa de los Monteros, Dlíodóirí)
Idiragraithe, ag tacú leis an gcosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: J. Etienne, O. Denkov agus M. Menegatti, Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. d’Ursel, A. Westerhof Löfflerová agus J. Bauerschmidt, Gníomhairí), an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: D. Triantafyllou, A. Nijenhuis agus A. Steiblytė, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear ar neamhní Cinneadh SRB/ES/2021/22 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 14 Aibreán 2021 maidir le ríomh na rannaíocaíochtaí ex ante le haghaidh 2021 leis an gCiste Réitigh Aonair, a mhéid a bhaineann leis.
An chuid oibríochtúil
Cuirtear ar neamhní Cinneadh SRB/ES/2021/22 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 14 Aibreán 2021 maidir le ríomh na rannaíocaíochtaí ex ante le haghaidh 2021 leis an gCiste Réitigh Aonair, a mhéid a bhaineann le BNP Paribas.
Coimeádtar ar bun éifeachtaí chinneadh SRB/ES/2021/22, a mhéid a bhaineann le BNP Paribas, go dtí go dtiocfaidh i bhfeidhm, laistigh de thréimhse réasúnta nach mbeidh níos faide ná sé mhí ó dháta fógartha an bhreithiúnais seo, cinneadh nua ó BRA lena socrófar ranníocaíocht ex ante na hinstitiúide sin leis an gCiste Réitigh Aonair le haghaidh thréimhse ranníocaíochta 2021.
Ordaítear do BRA, de bhreis ar a chostais féin, na costais a thabhaigh BNP Paribas a íoc.
Ordaítear do Pharlaimint na hEorpa, do Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus don Choimisiún Eorpach a gcostais féin a íoc.
____________
1 IO C 338, 23.8.2021.