Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – Ryanair agus Malta Air v an Coimisiún (Air France; COVID-19)
(Cás T-216/21) 1
(Státchabhair – Cúnamh tugtha ag an bhFrainc chun rannchuidiú le Air France i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 – Ráthaíocht rialtais i ndáil le iasacht shindeacáite agus iasacht fo-ordaithe Stáit – Cinneadh lena ndearbhaítear cabhair atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach – Imeachtaí le haghaidh neamhniú – Locus standi – Éifeacht shuntasach dhíobhálach ar sheasamh an iarratasóra ar an margadh – Do-ghlacthacht – Cinneadh faoi thairbhí tacaíochta i gcomhthéacs grúpa cuideachtaí)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóirí: Ryanair DAC (Sord, Éire), Malta Air ltd. (Pietà, Málta) (ionadaithe: F. C. Laprévote, E. Vahida, V. Blanc, S. Rating, I. G. Metaxas Maranghidis agus D. Pérez de Lamo, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe : L. Flynn, J. Carpi Badía agus C. Georgieva, Gníomhairí)
Idiragraithe mar thaca leis an gcosantóir: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (ionadaí: P. L. Krüger, Gníomhairí), Poblacht na Fraince (ionadaithe: T. Stéhelin, P. Dodeller, T. Lechevallier agus B. Fodda, Gníomhairí), Ríocht na hÍsiltíre (ionadaithe: M. Bulterman, J. Langer agus C. Schillemans, Gníomhairí, agus ag S. Corrijn, Dlíodóir), Air France-KLM (Páras, an Fhrainc) (ionadaithe: J. Derenne agus D. Vallindas, Dlíodóirí), Société Air France (Tremblay-en-France, an Fhrainc) (ionadaithe: J. Derenne agus D. Vallindas, Dlíodóirí)
Maidir le:
Lena gcaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go ndéanfaí Cinneadh C(2020) 2983 final ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2020, maidir le státchabhair SA.57082 (2020/N) – an Fhrainc – COVID-19 – Creat sealadach 107(3)(b) – Ráthaíocht agus iasacht scairshealbhóra ar mhaithe le Air France, faoi mar a ceartaíodh le Cinntí C(2020) 9384 final an 17 Nollaig 2020 agus C(2021) 5701 an 26 Iúil 2021.
An chuid oibríochtúil
Cuirtear Cinneadh C(2020) 2983 final ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2020, maidir le státchabhair SA.57082 (2020/N) – an Fhrainc COVID-19 – Creat sealadach 107(3)(b) – Ráthaíocht agus iasacht scairshealbhóra ar mhaithe le Air France, faoi mar a ceartaíodh le Cinntí C(2020) 9384 final an 17 Nollaig 2020 agus C(2021) 5701 an 26 Iúil 2021 ar neamhní.
Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin a íoc agus na costais arna dtabhú ag Ryanair DAC agus ag Malta Air ltd. a íoc.
Ordaítear do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na Fraince, Ríocht na hÍsiltíre, Air France-KLM agus Société Air France a gcostais féin a íoc.
____________
1 IO C 217, 7.6.2021.