Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – Banque postale v an Bord Réitigh Aonair (BRA)
(Cás T-383/21) 1
(Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – an tAontas Baincéireachta – Sásra Réitigh Aonair le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe (SRA) – Ciste Réitigh Aonair (CRA) – Cinneadh BRA maidir le ríomh na ranníocaíochtaí le haghaidh 2021 – Oibleagáid cúiseanna a lua – Prionsabal an dea-riaracháin – Prionsabal na cosanta dlí éifeachtaí – Pléadáil neamhdhleathachta – Teorainneacha le héifeachtaí ama an bhreithiúnais)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: La Banque postale (Páras, an Fhrainc) (ionadaithe: A Gosset-Grainville agus M. Trabucchi, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Bord Réitigh Aonair (ionadaithe: J. Kerlin, C. De Falco agus C. Flynn, Gníomhairí, agus ag H. G. Kamann, F. Louis, P. Gey agus ag V. Del Pozo Espinosa de los Monteros, Dlíodóirí)
Idiragraithe mar thaca leis an gcosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: J. Etienne, O. Denkov agus M. Menegatti, Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. d’Ursel, A. Westerhof Löfflerová agus J. Bauerschmidt, Gníomhairí), an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: D. Triantafyllou, A. Nijenhuis agus A. Steiblytė, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí Cinneadh SRB/ES/2021/22 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 14 Aibreán 2021 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair don bhliain 2021, a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir.
An chuid oibríochtúil
Déantar Cinneadh SRB/ES/2021/22 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 14 Aibreán 2021, maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair don bhliain 2021 a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann sé le La Banque postale.
Déantar na héifeachtaí a eascraíonn ó Chinneadh SRB/ES/2021/22, a mhéid a bhaineann siad le La Banque postale, a chothabháil, laistigh de thréimhse réasúnach ama nach féidir a bheith níos faide ná sé mhí ó dháta seachadta an bhreithiúnais seo, go dtí go dtiocfaidh cinneadh nua de chuid BRA lena socraítear ranníocaíocht ex ante na bunaíochta seo don tréimhse ranníocaíochta 2021.
Ordaítear do BRA a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag La Banque postale a íoc.
Ordaítear do Pharlaimint na hEorpa, do Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus don Choimisiún Eorpach a gcostais féin a íoc.
____________
1 IO C 338, 23.8.2021.