Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – Crédit agricole agus Crédit agricole Corporate and Investment Bank v an Coimisiún

(Cás T-113/17)1

(Iomaíocht – Cairtéal – Earnáil na nDíorthach Ráta Úis Euro – Cinneadh go raibh sárú ann ar Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE – Ionramháil ar rátaí tagartha idirbhainc Euribor – Malartú faisnéise rúnda – Srianadh iomaíochta de réir cuspóra – Sárú leanúnach aonair – Nós imeachta ‘hibrideach’ céimnithe le himeacht ama – Toimhde na neamhchiontachta – Neamhchlaontacht – Fíneálacha – Bunmhéid – Luach na ndíolachán – Airteagal 23(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 – Oibleagáid cúiseanna a lua – Cinneadh leasaitheach lena bhforlíontar an ráiteas ar chúiseanna – Cóir chomhionann – Dlínse gan teorainn)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóirí: Crédit agricole SA (Montrouge, an Fhrainc), Crédit agricole Corporate and Investment Bank (Montrouge) (ionadaithe: J.-P. Tran Thiet, M. Powell agus J. Jourdan, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Farley agus T. Baumé, Gníomhairí, le cúnamh ó N. Coutrelis, Dlíodóir)

Ábhar

Lena gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí, ar thaobh amháin, go gcuirfear Cinneadh C(2016) 8530 final ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2016 maidir le himeacht de bhun Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE (Cás AT.39914 Díorthaigh Ráta Úis Euro (EIRD)) ar neamhní go páirteach agus, ar an taobh eile, ar bhonn coimhdeach, méid na fíneála a gearradh orthu sa chinneadh sin a laghdú. Ina theannta sin, iarrann siad go gcuirfí Cinneadh C(2021) 4610 final ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 lena leasaítear an cinneadh atá faoi chonspóid ar neamhní, nó ina éagmais sin, dearbhú nach bhféadfadh ráiteas ar chúiseanna neamhleordhóthanach an chinnidh atá faoi chonspóid a leigheas leis an gcinneadh sin.

An chuid oibríochtúil

Cuirtear Airteagal 2(a) de Chinneadh C(2016) 8530 final ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2016 maidir le himeacht de bhun Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE (Cás AT.39914 – Díorthaigh Ráta Úis Euro (EIRD)) ar neamhní.

Déantar méid na fíneála, dá bhfuil Crédit agricole SA agus Crédit acricole Corporate and Investment Bank faoi dhliteanas go leithleach, a shocrú ag EUR110 000 000.

Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.

____________

1     IO C 231, 17.7.2017.