Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Mór-Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 (iarrataí ar réamhrialú ón Tribunal d’arrondissement de Luxembourg – Lucsamburg), Tribunal de l’entreprise francophone de Bruxelles – an Bheilg) – Christian Louboutin v Amazon Europe Core Sàrl (C-148/21), Amazon EU Sàrl (C-148/21), Amazon Services Europe Sàrl (C-148/21), Amazon.com Inc. (C-184/21), Amazon Services LLC (C-184/21)

(Cásanna Uamtha C-148/21 agus C-184/21)1

(Tarchur chun réamhrialú – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Rialachán (AE) 2017/1001 – Airteagal 9(2)(a) – Cearta a thugtar le trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Coincheap “úsáid” – Oibreoir láithreáin gréasáin díolacháin ar líne lena n-ionchorpraítear margadh ar líne – Fógraí arna bhfoilsiú ar an margadh sin ag díoltóirí tríú páirtithe a úsáideann, sna fógraí sin, comhartha atá comhionann le trádmharc duine eile le haghaidh earraí atá comhionann leo siúd a bhfuil sé cláraithe ina leith – Dearcadh an chomhartha seo atá ina dhlúthchuid de chumarsáid tráchtála an oibreora seo – Cur i láthair fógraí ar bhealach nach ndéanann idirdhealú soiléir idir tairiscintí an oibreora sin agus tairiscintí na ndíoltóirí tríú páirtithe sin)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal d’arrondissement de Luxembourg, tribunal de l’entreprise francophone de Bruxelles

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Christian Louboutin

Cosantóirí: Amazon Europe Core Sàrl (C-148/21), Amazon EU Sàrl (C-148/21), Amazon Services Europe Sàrl (C-148/21), Amazon.com Inc. (C-184/21), Amazon Services LLC (C-184/21)

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 9(2)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le trádmharc an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

féadfar oibreoir láithreáin gréasáin díolacháin ar líne lena n-ionchorpraítear, sa bhreis ar a thairiscintí lena ndíol féin, margadh ar líne a mheas mar oibreoir a bhaineann úsáid é féin as comhartha atá comhionann le trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh duine eile le haghaidh earraí atá comhionann leo siúd a bhfuil an trádmharc sin cláraithe ina leith, i gcás ina dtairgeann díoltóirí tríú páirtithe earraí den sórt sin a bhfuil an comhartha sin orthu lena ndíol ar an margadh sin, gan toiliú dhílseánach an trádmhairc sin, má dhéanann úsáideoir atá réasúnta eolasach agus airdeallach ar an láithreán gréasáin sin nasc a bhunú idir seirbhísí an oibreora sin agus an comhartha atá i gceist, is é sin an cás go háirithe, agus na gnéithe go léir lena léirítear an staid i gceist á gcur san áireamh, d’fhéadfadh a leithéid d’úsáideoir a thabhairt le tuiscint gurb é an t-oibreoir sin a mhargaíonn é féin, ina ainm féin agus ar a chuntas féin, na hearraí a bhfuil an comhartha sin orthu. I ndáil leis sin, tá na forais ábhartha ina leith sin go n-úsáideann an t-oibreoir sin bealach aonfhoirmeach chun na tairiscintí arna bhfoilsiú ar a láithreán gréasáin a chur i láthair, ina dtaispeántar ag an am céanna na fógraí a bhaineann leis na hearraí a dhíolann sé ina ainm agus ar a chuntas féin agus na cinn a bhaineann le hearraí a thairgeann díoltóirí tríú páirtithe ar an margadh sin, ina dtaispeántar a lógó dáileora aitheanta féin ar na fógraí sin go léir agus go dtairgeann sé go díoltóirí tríú páirtithe, i gcomhthéacs mhargaíocht na n-earraí ar a bhfuil an comhartha atá i gceist, seirbhísí breise arb é atá iontu, go háirithe, stóráil agus seoladh na n-earraí sin.

____________

1 IO C 189, 17.5.2021

IO C217, 07.06.2021