Language of document :

Caingean arna tabhairt an 4 Nollaig 2023 – UF v an Pharlaimint

(Cás T-1137/23)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: UF (ionadaí: M. Velardo, Dlíodóir)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh D300769 an 30 Eanáir 2023, arna fhógairt an lá céanna agus arna chur chun feidhme le Cinneadh D301641 an 17 Feabhra 2023, arna ghlacadh ag Ard-Stiúrthóireacht na Parlaiminte lena bhfoirceanntar go haontaobhach an caidreamh fostaíochta le héifeacht ón 30 Aibreán 2023, lena dtugtar fógra trí mhí a chur ar neamhní;

Cinneadh lenar diúltaíodh don ghearán, a suíodh go hintuigthe tar éis tosta ar feadh níos mó ná ceithre mhí tar éis an dáta a taisceadh an gearán, de réir bhrí Airteagal 90 (II) de na Rialacháin Foirne, a chur ar neamhní;

Cinneadh Ard-Rúnaí D103501 an 28 Lúnasa 2023 ón Údarás a bhfuil sé de chumhacht aige conarthaí a thabhairt i gcrích lena ndiúltaítear an gearán a taisceadh an 25 Aibreán 2023 faoi Airteagal 90(II) de na Rialacháin Foirne a chur ar neamhní;

agus cúiteamh ar dhamáiste, arb é EUR 81 737.54 san iomlán é, mar thoradh ar an difríocht idir méid an tuarastail mhíosúil de EUR 5 918.27 agus méid an phinsin de EUR 1642.21 don tréimhse ón 30 Aibreán 2023 go dtí an 29 Feabhra 2024 agus mar thoradh ar chaillteanas na gceart pinsin a bhaineann le foirceannadh luath an chaidrimh fostaíochta agus as damáiste neamhábhartha, a mheastar a bheith pro bono et aequo ag EUR 10 000.

a ordú don Pharlaimint na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua agus sárú gaolmhar ar na cearta cosanta.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid dlí, sárú ar na caighdeáin chosanta i gcoinne dífhostuithe neamh-inleithscéil.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe, mainneachtain an dualgas cruthúnais a chomhlíonadh maidir le damáiste don íomhá a bheith ann.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear mí-úsáid cumhachtaí.

____________